Inniu tá an t-idirlíon ag ceiliúradh 10,000 lá, eh, ar líne!
Ba ar 12 Márta 1989 a chuir an ríomh-eolaí Sasanach Tim Berners-Lee a mholadh chun tosaigh, agus é ag obair ag CERN san Eilvéis, go gcruthódh sé córas gréasánach eolais don institiúid núicléach.
Glacadh leis agus an bhliain dár gcionn scríobh sé an chéad bhrabhsálaí idirlín, ar ar thug sé ‘WorldWideWeb’ agus ar eisíodh go poiblí é in 1993.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil 10,000 lá – nó breis agus 27 bliain – imithe ó coincheapadh an gréasán domhanda agus san am sin tá tionchar as cuimse imeartha aige ar shaol an chine daonna.
Níl aon srian leis na féidearthachtaí atá anois ar fáil dúinn a bhuí leis an idirlíon, agus tá siad ag méadú lá i ndiaidh lae.
Ag an tús bhí rphost, fóraim phlé agus siopaí i dtús cadhnaíochta ar líne agus anois táthar in ann beagnach gach ní faoin spéir a aimsiú ann: céim ollscoile, nuacht ar an toirt, píotsa ó thart an coirnéal, ceol beo, daoine nochta, ráflaí do chairde agus GIFanna greannmhara.
Tá an haischlib #10kDays á úsáid ar Twitter inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar an chloch mhíle seo i stair an idirlín, mar sin glac páirt ann agus léirigh do bhuíochas don áis a d’athraigh an domhan.