Thug 1.4 milliún úsáideoir uathúil cuairt ar shuíomhanna Gaeilge na scoile Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an bhliain seo caite. Áirítear ar na suíomhanna sin Téarma.ie, Logainm.ie, Gaois.ie, Dúchas.ie agus Ainm.ie i measc suíomhanna eile.
De réir eolais a d’eisigh Fiontar inniu, thug na cuairteoirí sin 3.2 milliún cuairt ar na suíomhanna agus bhí 17.2 milliún amas ann ó thús deireadh na bliana 2019.
Bhí bliain mhaith ag lucht Fiontar anuraidh agus 100,000,000 cuardach ar an mbunachar téarmaíochta Téarma.ie sáraithe acu i mí na Bealtaine. Rinneadh athdhearadh ó bhonn ar an suíomh sin san Earrach agus cuireadh áiseanna nua oibre ar fáil do bhaill an Choiste Téarmaíochta.
Rinneadh athbhreithniú ar 3,200 téarma le linn na bliana, agus deimhníodh stádas oifigiúil ag téarmaí ar nós netizen ‘saoránach idirlín’, bikelash ‘naimhdeas i leith lucht rothar’, agus clicktivism ‘cliceáil chúise’.
Cuireadh 3.7 milliún focal le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, agus 5.5 milliún focal leis an gCorpas Comhthreomhar. Cuireadh ocht mbeatha nua leis an mbunachar beathaisnéise Ainm.ie, agus foilsíodh bailiúcháin nua i Meitheal Logainm.ie.