3 mhilliún duine anois ag foghlaim Gaeilge le Duolingo


Tá cloch mhíle eile bainte amach ag an suíomh agus aip foghlama teanga Duolingo mar go bhfuil breis agus 3 mhilliún duine anois ag foghlaim Gaeilge leis.

Sháraigh an aip an figiúr mór thar an deireadh seachtaine agus is léiriú láidir eile é ar an tóir shuntasach atá ar chúrsaí Gaeilge ar líne, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne.

Níl ach 6 mhí ann ó bhailigh ionadaithe ó Duolingo, mar aon le baill de phobal na Gaeilge, le chéile in Áras an Uachtaráin i mí na Samhna chun ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an aip agus ar an ról lárnach atá aige i bhfoghlaim na Gaeilge ar líne.

2.3 milliún líon na bhfoghlaimeoirí an t-am sin agus anois tá níos mó ná 700,000 duine eile tar éis clárú leis an chomhlacht ó shin.

“Eispéireas iontach é bheith bainteach le hathbheochan na Gaeilge ar an tslí seo,” arsa Karin Tsai ó Duolingo nuair a bhí sí anseo in Éirinn anuraidh.

Tá an Ghaeilge i measc na 10 dteanga is mó ar Duolingo ó seoladh an cúrsa i mí Lúnasa 2014.

Tá 90 cúrsa ar fáil acu, ón Bhreatnais go Svahaílis, agus níos mó ná 150 milliún úsáidteoir fud fad an domhain.

Deir Duolingo, atá lonnaithe in Pittsburgh SAM, gurb ionann 34 uair an chloig ar an aip nó ar an suíomh agus seimeastar ollscoile.


Breathnaigh ar na cúrsaí uilig atá ar fáil ar duolingo.com

SCÉALTA EILE