5 shárchluiche ríomhaire do 2016

Níl tada níos measa ná a bheith ag fanacht ar rud éigin!

Cé go raibh bliain fíor-láidir ag tionscal na gcluichí ríomhaireachta anuraidh tá roinnt de na cluichí is suimiúla, is spraíúla agus is tarraingtí ar an mbealach chugainn i mbliana.

Seo mo rogha-sa de na 5 chluiche is fearr – ó 5 go 1 – a choinneoidh na hordóga agus an intinn aclaí le linn 2016!


5) LEGO Marvel’s Avengers / Warner Bros, Interactive Entertainment, á sheoladh 29 Eanáir

Ní mór an fanacht don gcluiche seo anois agus é ar fáil sna siopa Dé hAoine seo chugainn… hup!

Cluiche aicsin agus eachtraíochta é seo lán go béal le carachtair Marvel.

Ní amháin go leanfaidh an scéal ar aghaidh ó eachtraí an chéad chluiche, ach beidh plotaí éagsúla ó scannáin Marvel ann chomh maith.

Tá clú bainte amach ag na cluichí LEGO le cúpla bliain anuas, agus an oireadh spraoi agus siamsaíochta atá ag baint leo, agus táim cinnte go leanfar leis an treocht seo.

Ní dóigh liom mar sin go mbeidh an ceann seo go ‘hulk’ (tá brón orm!)


4) Tom Clancy’s The Division / Ubisoft, le seoladh ar 8 Márta

Tá mé ag fanacht go foighneach ón gcéad bhlaiseadh a fuair mé den gcluiche seo in 2013, tráth a rinne mé cinneadh Playstation 4 a cheannach.

Is cluiche oscailte, faoi stiúir an imreora féin, atá againn anseo.

Is fútsa atá sé paindéim, a bhris amach agus atá ag scaipeadh fríd na Stáit Aontaithe, a choinneáil faoi smacht.

Caithfidh tú agus do chomhghleacaithe i Nua-Eabhrach a choinneáil sábháilte, fhad is atá tú ag dul sa tóir ar na daoine a scaoil amach an víreas.

Breathnaíonn an cluiche seo go hálainn, tá scéal tarraingteach ann agus táim ar bís le greim a fháil air faoi dheireadh.


3) Ratchet & Clank / Sony, á sheoladh Earrach 2016

Bhuail imreoirí le Ratchet agus Clank den gcéad uair in 2002 agus eisíodh 12 cluiche leo ó shin, leis an eisiúint is deireanaí leo seolta trí bliana ó shin.

Beidh an bheirt seo ar ais i mbliana le heachtra nua ar Playstation 4.

Is cluiche eachtraíochta atá ann, ina mbeidh ar Ratchet agus Clank an Solana Galaxy a shábháil ó Chairman Drek atá ag iarraidh é a scriosadh.

Ní thógann an teideal seo é féin ró-dháiríre agus, ó tharla go mbíonn sé i gcónaí go deas sos a fháil ó chluichí troma agus dáiríre, tá mé ag súil go mór leis.

Coiméad súil amach freisin don scannán, faoi teideal céanna, a bheas ag teacht amach i mí Aibreáin.


2) Overwatch / Blizzard Entertainment, á sheoladh roimh thús an tsamhraidh

Cé nach bhfuil dáta eisithe cinnte ag Overwatch, beidh sé ar fáil don Playstation 4, Xbox 1 agus ríomhairí baile i gceann roinnt míonna.

Is cluiche il-imreoir é seo de chuid Blizzard agus ní gá ach breathnú ar an bhlaiseadh thuas – atá feicthe ag níos mó ná 5 mhillún duine – chun sceitimíní a mhúscailt ionat.

Tá an scéal, na carachtair, an dearadh agus na grafaicí ar fad ar ardchaighdeán agus is cinnte go seasann sé amach ó chluichí eile sa seanrá seo.

Tá clú agus cáil ar Blizzard Entertainment as ucht cluichí iontacha a dhéanamh agus táim cinnte go leanfaidh siad leo ag cur lena n-iomrá.


1) No Man’s Sky / Sony agus Hello Games, Meitheamh

Ar deireadh eiseofar No Man’s Sky le linn an tsamhraidh, le Sony agus Hello Games.

Is cluiche ficsin eolaíochta i ndomhan oscailte é seo agus tá sé ar an gcluiche is suimiúla i mbliana dar liom, le sárdhearadh agus modh nua ríomhaireachta darb ainm ‘Procedural Generation’.

An toradh atá ar an chur chuige nua seo ná gur féidir le déantóirí réaltra fíorúil a chruthú atá lán de réaltaí, pláinéid, foirmeacha beatha agus éiceachórais úra.

Dar le Hello Games go mbeidh breis agus 18 cuaidrilliún pláinéad ann ar féidir cuairt a thabhairt orthu!

Má oibríonn an modh ríomhaireachta seo beidh sé dochreidte agus táim cinnte go bhfeicfidh muid athruithe agus forbairtí móra i gcluichí oscailte sa todhchaí dá bharr.


B’shin agaibh rogha Cholmáin de roinnt de na 5 chluiche is fearr a eiseofar i mbliana.

Beidh sé ar ais linn go luath le léirmheas ar LEGO Marvel’s Avengers.

Leanaigí Colmán ar @colmanacus.  

SCÉALTA EILE