5 shárchluiche ríomhaire ó 2015

Caithfidh mé a admháil go raibh mé beagáinín buartha faoi thionscal na gcluichí ríomhaireachta i mbliana mar bhí baol ann go mbeadh an margadh lán go béal le cluichí athdhéanta agus atheisithe.

Níor cheart dom a bheith chomh himníoch mar cé go raibh na cluichí sin ar ardchaighdeán bhí réimse leathan ar fáil d’imreoirí ó chluichí fantaisíochta go cluichí troda.

Seo chugaibh mo rogha-sa mar sin den 5 chluiche is mó a sheas amach dom le 12 mí anuas.


1. Mortal Kombat X / Aibreán

Ba é Mortal Kombat an cluiche troda ba mhó a d’imir mé agus mé ag fás aníos agus caithfidh mé a rá go raibh mé ag súil go mór leis an leagan is déanaí a imirt nuair a chonaic mé an réamhbhlaiseadh anuraidh.

Le cluiche troda iontach a dhéanamh tá roinnt gnéithe gur gá a bheith snasta ar nós na grafaicí, an cur i láthair agus an imirt féin.

Bhí na heilimintí seo ar fad agus tuilleadh ar ardchaighdeán sa leagan seo – a tháinig amach i mí Aibreán seo caite – agus sheas sé amach ó eisiúintí a tháinig roimhe.

Ní féidir Mortal Kombat a lua gan caint ar na Fatalities – cora a chinntíonn deireadh do chéile chomhraic – atá chomh háiféiseach is a bhí riamh.

Is fiú é a imirt dóibh siúd amháin.


2. Batman: Arkham Knight / Meitheamh

Eisíodh Batman Arkham Knight le linn an tsamhraidh agus chuir sé críoch leis an tsraith fíor-cháiliúil seo ó Rocksteady agus Warner Bros.

Thaitin gach gné den eisiúint seo liom ón scéalaíocht tharraingteach, an dearadh álainn agus ar ndóigh an Batmobile!

Den chéad uair riamh sa tsraith bhí deis ag imreoirí é a úsáid agus bhí sé mar bheadh carachtar iomlán nua ann.

Ba mhór an spraoi é an t-inneall a lasadh, an luasaire a bhrú agus dul ar thuras tríd sráideanna gruama agus garbha Gotham.

Ar an iomlán is cluiche an-láidir é seo agus is trua gurb é an ceann deireanach sa tsraith.


3. Her Story / Meitheamh

Níl aon dabht go raibh an scéalaíocht ab fhearr i ndomhan na gcluichí i mbliana le fáil in Her Story, a scríobh agus a stiúir Sam Barlow.

Ní féidir liom an iomarca a rá faoi mar nílim ag iarraidh é a mhilleadh ar aon duine, agus is comhartha maith é sin!

Go bunúsach tá tú i gceannas ar chás dúnmharaithe, gan agat ach bunachar sonraí na ngardaí, comhad na mná atá faoi amhras agus na físeáin ó na hagallaimh a rinne sí.

Is iomaí cor agus casadh sa scéal is tú ag fiosrú an ise atá ciontach agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ar cheann de na cluichí is cliste agus is mealltaí le fada an lá.


4. Super Mario Maker / Meán Fómhair

Bhí mé an-tógtha leis an cluiche seo nuair a eisíodh é san fhómhar agus ní dóigh liom go raibh díomá ar aon duine a d’imir.

Sin an rud cliste faoin eisiúint seo; ní cluiche amach is amach é.

Seo deis do chuid leibhéal Mario féin a dhearadh agus a imirt, rud atá mar bhrionglóid ag imreoirí ó eisíodh Super Mario thiar in 1985.

Níl tada níos fearr ná leibhéal a dhearadh, a imirt agus a roinnt le himreoirí eile.

Fiú muna bhfuil fonn ort a bheith i d’ailtire tá na céadta leibhéal gur féidir tabhairt faoi ag teacht ó Nintendo agus ó imreoirí ar líne.


5. Rock Band 4 / Deireadh Fómhair

Tá cluichí díomácha ón seánra rithime feicthe againn go minic agus ní raibh mé ag súil le leagan eile de Rock Band mar bhí na cluichí a tháinig roimhe lom agus lag.

Cé go leanann an iarracht seo an gnáth-mhodh imeartha tá cúpla athrú suntasach le feiceáil a d’ardaigh caighdeán na heisiúna.

Is féidir d’aonréad giotáir agus drumaí a dhéanamh anois a thugann deis d’imreoirí a stíl phearsanta féin a chur chun cinn, rud nach bhfeiceann muid mórán i gcluichí in aon seánra.

Anuas air sin tá catalóg iarshaothair ollmhór ar fáil agus is féidir na huirlisí ó na seanchluichí a úsáid freisin, mar sin seo an t-aon chluiche rithime a bheadh uait.


Bainigí sult as na cluichí seo agus coinnígí súil ar na leathanaigh seo ar an mí seo chugainn agus súil á caitheamh chun cinn agam ar mhóreisiúintí 2016.

Leanaigí Colmán ar @colmanacus 

SCÉALTA EILE