Cad iad na treochtaí sa ré dhigiteach a chuideoidh le Pobal na Gaeilge feidhmiú mar phobal bríomhar beoga? Bhí Siún Ní Dhuinn i láthair ag an gcomhdháil spreagúil a bhí ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo caite a phléigh pobal na Gaeilge sa ré dhigiteach agus seo cuid den eolas a fuair sí amach…
1. Réaltacht fhíorúil
Tá muid ar fad ar eolas faoi bhuntáistí an tumoideachais i bhfoghlaim teangacha.
Is cosúil nach fada go mbeidh muid ag tumadh isteach i réaltacht fhíorúil, ina mbeidh muid ann domhain nua fhíorúla (virtual) a chruthú.
Ciallaíonn seo go mbeidh daoine in ann bualadh le chéile chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh, is cuma cén áit a bhfuil siad ar chlár na cruinne.
Pé rud faoin bhaol atá ann go mbeidh daoine gafa le réaltachtaí fíorúla amach anseo, is cinnte go bhfuil féidearthachtaí dochreidte oideachasúla ann do phobal scoite na Gaeilge.
Tá Mark Zuckerberg, bunaitheoir Facebook, i ndiaidh $2 billiún a chaitheamh ar an chomhlacht RF (VR), Oculus Rift, a mar a dúradh ag an gcomhdháil, agus ní minic a bhíonn seisean mícheart!
2. Caomhnú Canúintí
I gcomhthéacs canúintí atá i mbaol, d’aithin Neasa Ní Chiaráin agus Ailbhe Ní Chasaide (abair.ie, Coláiste na Tríonóide) an luach atá le glórtha a chaomhnú ar líne le go mbainfí leas foghraíochta astu amach anseo.
Tiontaíonn córais sintéise an focal scríofa go caint bheo. Bíonn na córais seo bunaithe ar chaint nádúrtha an duine dhaonna, is é sin go dtógann sintéiseoir fuaimeanna ón gcaint nádúrtha agus go sníomhann sé le chéile iad chun abairtí nua a ghineadh de réir mar a bhíonn siad á gcló.
Tá úsáid na sintéise tar éis éirí coitianta le roinnt blianta anuas mar thoradh ar an bhforbairt teicneolaíochta.
Faoi láthair tá ceithre chanúintí Gaeilge ar fáil ar abair.ie… déan sintéis anseo!
3. Scan agus Lean
Mar is eol dúinn tá na meáin shóisialta lárnach do shaol na Gaeilge sa 21ú aois agus deirtear go bhfuil níos mó daoine ag léamh agus ag scríobh as Gaeilge anois, de bharr an idirlín, ná ag aon am eile i stair na teanga.
Is gá áfach do na Gaeil coinneáil chun tosaigh ar na forbairtí is déanaí ar líne má tá an teanga le bheith ábhartha sna glúnta amach romhainn.
Sampla amháin de bhealach nua ina bhfuil úsáid na meán sóisialta ag síorathrú ná an fheidhm a bhaintear as Snapchat.
Tá TG4 tar éis tús a chur le ‘Scan agus Lean’ ina scanann tú cód Snapchat agus leanann tú a gcúntas chun fáil amach cad atá ar siúl acu i mBaile na hAbhann agus níos faide i gcéin – tá aíonna speisialta acu faoi láthair mar sin ‘scan agus lean’ iad anois!
4. Cumasú Pobail
Luadh ag an gcomhdháil chomh maith nár chóir breathnú ar an idirlíon agus ar bheocht na Gaeilge ar na meáin shóisialta mar ceann scríbe do phobal na teanga ach mar uirlis chun an pobal a neartú san fhíorshaol.
Is áis iontach é an t-idirlíon, agus mar a léirítear thuas beifear in ann buntáistí a bhaint as an réaltacht fhíorúil, ach muna bhfuil pobal níos láidire againn sa domhan seo, cad is fiú é?
Rud amháin gur féidir le daoine a dhéanamh ná beart a dhéanamh de réir briathair agus freastal ar ócáidí, imeachtaí agus eile a fhógraítear ar líne.
Tá eolaire á chur le chéile ag Peig.ie, mar shampla, a chuirfidh ar chumas phobal na Gaeilge coinneáil ar an eolas faoi na himeachtaí agus seirbhísí ar fad atá ann trí mheán na teanga. Bain úsáid as.
5. An Seachtú Glúin
Nuair a ghlactar cinneadh suntasach, is mithid dúinn smaoineamh ar na himpleachtaí a bheidh ag an toradh ar an seachtú glúin.
Is smaointeoireacht é sin de chuid chultúr na Móháic i Meiriceá agus dar leis an gceannródaí ríomhaireachta Kevin Scannell gur chóir do phobal na Gaeilge bheith ag machnamh sa bhealach céanna.
Is i lámha na n-óg atá na féidearthachtaí teicneolaíochta agus ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil scileanna á bhforbairt iontu agus go bhfuil an Ghaeilge i gcroílár a saoil ar líne agus san fhíorshaol.
Luaigh sé nach gá ach trí ní chun teanga níos lú a normalú sa ré dhigiteach, is é sin saineolas teicniúil, saineolas teanga agus na hacmhainní cuí.
Déanaimis cinnte go bhfuil siad sin á bhfobairt againn agus go bhfuil na bunchlocha á gcur don todhchaí.