A dhraíodóirí, aontaígí!

Chuala tú anseo cheana féin go mbeadh foireann cluichí réaltacht bhreisithe chugainn sar i bhfad, agus tá an t-am tagtha slataí draíochta Ollivander agus clócaí ceilte a dheasú!

Seo chugainn, Harry Potters: Wizards Unite.

D’fhógair John Hanke, an fiontraí Meiriceánach, go mbeidh ar a gcumas ag gach aoinne a léigh Harry Potter agus an Órchloch bheith ina ndraoithe digiteacha.

Tá Niantic Labs ag ullmhú le cluiche réaltacht bhreisithe Harry Potter do ghléasanna móibíleacha a sheoladh an bhliain seo chugainn.

Beidh an cluiche cosúil le Pokémon Go agus Ingris, sa chaoi is go n-úsáidfidh sé mapaí foinse oscailte le himreoirí a lonnú i ndomhan mór na réaltachta breisithe.

Sa chluiche seo beifear ábalta bheith ag taiscéaladh, ag bualadh le draoithe agus caillí eile, beifear ábalta geasa a fhoghlaim agus a úsáid, ollphéisteanna agus ainmhithe miotasacha a throid, agus neart eile.

Dea-scéal do Wizards Unite ná go bhfuil freastalaithe Niantic ag déileáil le trácht ard Pokémon Go ná mar a bhíodh.

Anuas air seo, tá leagan nua den inneall a ritheann an cluiche – Unity – in úsáid acu atá níos éifeachtaí ar ghléasanna níos éagumhachtaí.

Ní fios go fóill cén uair a chífimid Wizards Unite den chéad uair, ach tá a fhios agaibh go mbeidh an scúp le léamh anseo.


Is féidir Mícheál Johnny a leanúint ar Twitter @MOMeachair 

SCÉALTA EILE