Is iomaí cathair ina mbíonn brú tráchta agus ollphlódú ag céasadh mhuintir na cathrach agus cuairteoirí araon.
Bhuel, seans go bhfuil leigheas na faidhbe ag Uber!
D’fhógair an comhlacht taistil ar líne atá ag feidhmiú ar fud na cruinne go mbeidh siad ag díriú ar theicneolaíocht a fhorbairt chun aercharanna a chruthú amach anseo, ar a dtabharfar ‘‘Uber
Elevate’.
An t-innealtóir aerárthaigh Mark Moore, a thuill clú agus cáil air féin lena chuid oibre le NASA, a bheas mar cheann feadhna ar thogra seo an aerthacsaí.
Mar a shílfeá, is iomaí dúshlán sábháilteachta atá le sárú sula mbeidh carranna á dtarraingt anuas ón talamh agus á gcur ag obair san aer.
Is é an sprioc ná go mbeadh sé ar chumas na scuaine beag gluaisteán a bheith ag eitilt thart ar feadh 50-100 míle ag aon am amháin agus iad á gcumhachtú go leictreonach.
Bheadh custaiméirí in ann na tacsaithe a ordú, mar a dhéantar leis an ghnáth-Uber, tríd an aip.
Bealach amháin, nó eile, is cosúil nach fada uainn an t-aerghluaisteán óir tá infheistiú déanta ag Google sa VTOL, a mhacasamhail d’aerárthach taistil a bheas ar foluain sa spéir!