Tá a fhios againn go n-úsáideann daoine Tinder chun grá – nó píosa spraoi sciobtha mar is cirte a rá – a aimsiú ach tá mná i SAM ag baint leasa as an aip ar chúiseanna eile ar fad.
An pholaitíocht.
In ionad spruschaint a dhéanamh faoi mhionchúrsaí an tsaoil, táthar ag oscailt comhráití leis an líne:
“Hey 🙂 are you interesting in discussing our savior Bernie Sanders?”
Tá Sanders ag seasamh d’iarrthóireacht na nDaonlathach i dtoghchán uachtaránachta SAM agus tá lucht leanúna gníomhach bríomhar aige i measc daoine óga ach go háirithe.
Tá íomhánna de na freagraí éagsúla a fhaigheann bean amháin atá ag úsáid Tinder chun a shoiscéal a scaipeadh le feiceáil ar tindcamp.tumblr.com, agus, mar a bheifeá ag súil, tá cuid den aischothú gránna go maith.
Is léir go síleann cuid de na fir gur suimiúil an cur chuige é áfach agus cá bhfios nár spreag sé iad chun machnamh a dhéanamh ar thoghchán SAM agus ar an iarrthóir Daonlathach atá ag déanamh dul chun cinn i rith an ama?
“Níl na fir seo ach ag cuartú gnéis,” arsa bean eile, a iarrann ar dhaoine airgead a thabhairt d’fheachtas Sanders.
“Mar sin má tá siad chun suaidhpáil ar dheis, tá sé chomh maith acu rud éigin dearfach a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt don laoch féin Bernie.”
Bealach nuálach chun tacaíocht a mhealladh do pholaiteoirí gan aon amhras.
Anois, meas sibh a bhfuil aon duine ag déanamh amhlaidh dár n-olltoghchán féin anseo in Éirinn?