‘Spéirling’ an t-ainm atá tugtha ag an gcomhlacht déanta carranna McMurtry Automotive ar an hipearcharr leictreach is nua atá deartha acu. Carr beag bídeach atá sa Spéirling ach is féidir léi fórsa anuas breis agus 500kg a ghiniúint agus í ina stad.
Tá spás do dhuine amháin sa chairrín bídeach agus gan í ach 3.2m ar fad, 1.05 ar airde, agus 1.5m ar leithead. Tá a cabhail charbóin deartha go sonrach don luas agus is féidir dul ó 0-300km/u i níos lú ná naoi soicind. Ar ndóigh, ní féidir an hipearcharr rásaíochta a thiomáint ar bhóithre poiblí.
Tá a gcáil amuigh ar na carranna leictreacha go mbíonn siad thar a bheith ciúin. Ní hamhlaidh an scéal i gcás Spéirling – carr atá chomh glórach le 120db. Gan chaint ar an luas, ní ligfí a leithéid de thorann, ar geall le torann eitleáin é, a bheith ar an mbóthar poiblí ach an oiread. Tá sé chomh glórach sin, go deimhin, go bhfuil an baol ann nach ligfí ar roinnt cúrsaí rásaíochta ach an oiread é.
Mar sin féin, tá súil ag McMurtry go sáróidh Spéirling roinnt mhaith curiarrachtaí domhanda i saol na rásaíochta carr le linn na bliana atá amach romhainn.