Tá ainmneacha Manainnise ar phláinéad a aimsíodh le deireanas agus ar an réalta atá taobh leis. Ba iad na daltaí scoile i scoil Cronk-y-Berry in Doolish a roghnaigh na hainmneacha ‘Cruinlagh’ (‘fithis’) agus ‘Gloas’ (‘loinnir’) i gcomórtas a reáchtáil an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta ar fud an domhain.
Ba iad ranganna a ceathair agus a cúig sa mbunscoil i bpríomhbhaile Mhanann a roghnaigh na hainmneacha Gaelg, agus a chuir chun cinn chuig an gcomórtas idirnáisiúnta níos luaithe i mbliana. Mhol 400,000 duine óg ainmneacha don phláinéad agus don réalta agus bhí breis agus 360,000 ainm ar an iomlán sa chomórtas.
Go dtí seo, thugtaí WASP-13b ar an bpláinéad áirithe seo, atá taobh amuigh dár gcóras gréine féin. Tá sé mór mar phláinéad, thart ar an trian de mhéid Iúpatair s’againne. Tá an réalta, ar a dtugtaí WASP-13, níos mó ná 740 bliain solais ón domhan agus tá sé níos sine agus níos teo ná an ghrian atá againne.
Dúirt an tOllamh Robert Walsh, ó Ollscoil Lancashire i Sasana, a bhí i gceannas ar an gcomórtas sa Bhreatain, go raibh na hainmneacha uilig an-mhaith agus go ardú croí é daoine óga ar fud a thíre a fheiceáil ag smaoineamh faoin eolaíocht i mbealaí nua.
“Bhí caighdeán na n-iontrálacha an-mhaith ar fad, agus b’iontach an rud é daoine óga fud fad na tíre a fheiceáil ag plé leis an eolaíocht ar bhealach nua, úr. Smaoiníodh go domhain faoi na hainmneacha a roghnaíodh agus tá mé an-sásta go bhfuil daltaí cumasacha Cronk-y-Berry tar éis a lorg a fhágáil ar an gcruinne — rud a fhanfaidh leo ar feadh na mblianta,” a dúirt sé.