Is dócha go bhfuil taithí againn uilig air.
Tá tú thar sáile i dtír aduain éigin, an Tuirc, Mósaimbíc, an Bhútáin nó Sasana.
Tá tú ag déanamh do sheacht ndíchill tú féin a chur in iúl do dhuine áitiúil ach níl teanga na háite agat agus níl Gaeilge acu.
Smaoiníonn tú leat féin, “nach mbeadh sé iontach dá mbeadh gléas agam a d’fhéadfainn cur i mo chluais chun a dteanga siúd a thuigbheáil?”
Bhuel anois is ann don ghléas sin, beagnach.
Is comhlacht Meiriceánach é Waverly Labs atá ar tí tionscnamh todhchaíoch aistriúcháin a sheoladh ar an suíomh slua-chistithe Indiegogo.
Pilot is ainm dá gcluasáin chliste a chuirfidh ar do chumas teanga nach bhfuil agat a thuigbheáil i bhfíor-am, is é sin le linn don duine eile bheith ag labhairt leat.
Ní léir go díreach fós cén teicneolaíocht a bheas in úsáid sa ghléas ach ceanglóidh Pilot le haip i do ghuthán chun an comhrá labhartha a aistriú agus cumarsáid a éascú.
Deir Waverly Labs gur tháinig duine dá dteicneoirí aníos leis an choincheap tar éis dó bualadh le cailín Francach nach raibh sé in ann labhairt léi toisc gan Fraincís a bheith ar a thoil aige.
Beidh an t-aistritheoir inchaite in ann aistriú idir Béarla, an Fhraincís, an Spáinnis agus an Iodáilis ar dtús agus súil ag an chomhlacht cur le liosta na dteangacha de réir a chéile.
Tagann an fhógairt seo faoi Pilot sna sála ar scéala ó Google, Skype agus Microsoft le déanaí go mbeifear ag cur lena seirbhísí aistriúcháin féin sa tréimhse amach romhainn, iad ar fad céim eile níos giorra do chomhrá aistrithe fíor-ama chomh maith.
Ceist don tsochaí
Ach an bhfuil na forbairtí seo chomh hiontach sin dáiríre?
Is cinnte go mbeidh craic iontach againn nuair a eiseofar Pilot, ag iarraidh comhrá Béarla / Iodáilise bheith againn le leadhb éigin as Napoli, agus ag gáire faoi na hearráidí tuisceana a bheas ann go fóill, ach tá ceist níos doimhne ann nach bhfuil á lua mórán sa phlé faoi na gléasanna nua tarraingteacha seo.
Tá foghlaim teangacha ar na heispéiris is fiúntaí agus is sásúla ar domhan.
Ní hamháin gur éacht pearsanta é teanga eile a fhoghlaim – próiseas oideachasúil agus intleachtúil a mhaireann blianta – ach is turas saibhir é ina dtaiscéalann tú cultúir agus meonta eile, ina gcuireann tú le do thuiscint ar an domhan seo agus ina gcuireann tú aithne níos fearr ort féin sa deireadh.
Ní léir dom gur féidir leat an léargas speisialta sin a fháil, ná an fás sin a dhéanamh, le haistritheoir beag i do chluais.
Maíonn Waverly Labs go gcruthóidh an Pilot “domhan gan teorainneacha teanga” ach ar mhaith linn sin le fírinne?
Nach mbaineann cuid d’iontais agus d’aoibhneas an tsaoil leis an éagsúlacht iontach atá againn mar chine daonna?
Agus fiú dá mba mhian linn domhan gan teorainneacha teanga, nach é an bealach is fíre agus is iontaofa lena chruthú ná eolas agus aithne cheart a chur ar chultúir eile na cruinne, muid a thumadh isteach iontu agus fíor-chumarsáid a dhéanamh le daoine eile nach labhraíonn an teanga chéanna linn, nó nach n-amharcann ar an domhan leis na súile céanna?
Beidh buntáistí leis an Pilot go cinnte ach ní féidir le haon ghléas teacht in ionad eispéireas na foghlama ná fíor-bhlaiseadh na héagsúlachta.
Beidh thart ar €220 ar an Pilot nuair a eiseofar ar an mhargadh é ach beidh deis ag daoine an gléas a fháil ar chostas níos ísle ar Indiegogo go luath. Lean na forbairtí anseo.