Tá banc nua, nach féidir theacht air ach trí aip, tar éis 300,000 custaiméir a mhealladh chuige ar fud na hEorpa.
Is treocht úr é bancáil ar ghuthán amháin agus tá borradh ag teacht air i measc daoine óga, go háirithe le bliain anuas.
Aithnítear N26 ar na bainc atá ar thús cadhnaíochta san fhorbairt airgeadais agus teicneolaíochta seo agus d’fhógair siad an tseachtain seo caite go raibh líon a n-úsáideoirí tar éis méadú faoi thrí le bliain anuas.
Déantar gach gné den bhancáil ar do ghlicghuthán trí aip atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android agus faigheann tú teachtaireachtaí fíor-ama faoi aon idirbheart ar do chuntas.
Is féidir cárta a cheangal leis an aip, íocaíochtaí a dhéanamh agus gach idirbheart a sheiceáil, ar fad ó d’fhón póca.
Mar léiriú ar an tarraingt atá ag an chineál seo bancála i measc an aosa óig, deir N26 go bhfuil 42% dá gcustaiméirí idir 25-34.
Faoi láthair tá an tseirbhís ar fáil in 17 tír san Eoraip agus meastar go bhfuil breis agus 10,000 úsáideoir ag N26 in Éirinn cheana féin.
“Ba iad Eanáir agus Feabhra 2017 na míonna is láidre a bhí againn go fóill ó thaobh méadú custaiméirí de,” arsa Valentin Stalf, duine de bhunaitheoirí N26.
“Bunaithe ar na figiúirí reatha bheadh muid ag súil go meallfadh muid cúpla milliún custaiméir sna blianta beaga amach romhainn.”
Cad fúibh féin a Nósadóirí, an bhfuil aon duine agaibh ag úsáid na seirbhíse seo go fóill?
Nó an mbeadh muinín agaibh as banc nach bhfuil aon bhrainse aige?