Caithfidh nach bhfuil Samsung ar an eolas gur fhág muid slán leis an ghuthán fillte mar go léiríonn pictiúir, a sceitheadh sna meáin ar na mallaibh, go bhfuil an comhlacht ag obair ar ghlicghuthán úrnua a bhfuil an dearadh íocónach ‘fillte’ aige.
Thuairisc an suíomh SamMobile go mbeidh an SM-W2016 ag teacht le dearadh an Samsung Galaxy S6, fón atá aitheanta ar an ghuthán glic is bisiúla leo go dtí seo.
Má bhí cíocras ort filleadh ar an tseanré, seans go sásóidh an méarchlár traidisiúnta thú.
Is é an dearadh an t-aon ghné den ghuthán úrnua seo atá ar dhóigh ar bith traidisiúnta, dar le Samsung.
Ar oscailt an ghutháin, nochtar scáileán taispeána 3.9-orlach.
Tá sonraíocht chrua-earraí ard aige – 3GB RAM – agus stóráil inmheánach ollmhór – 64GB – luaite leis.
Ní hé an guthán is tanaí ná is éadroma ar an mhargadh ná baol air, ach más guthán fillte don ré nua atá uait, is é an ceann is fearr é!