An gcuirfidh seo deireadh lenar n-andúil i bhfóin?


Tuigimid ar fad gur féidir linn an iomarca ama a chaitheamh ceangailte leis na scáileáin sin inar saol, an glicghuthán ach go háirithe.

Le teacht na teicneolaíochta cliste agus leathnú na meán sóisialta, tá athrú suntasach tagtha ar ár ngnáthamh laethúil.

Ón gcéad rud ar maidin go dtí go múchaimid na soilse ag deireadh na hoíche, bíonn muid gafa de shíor ag gléas amháin nó gléas eile, i gcónaí á seiceáil, á mbreathnú, á dtógáil, á svaidhpeáil, á gcur síos agus á seiceáil arís.

Tá tuiscint bheacht ag beirt atá lonnaithe san Úll Mór, Joe Hollier agus Kaiwei Tang, ar na fadhbanna a bhaineann leis an ró-úsáid seo mar sin tá siad tar éis forbairt a dhéanamh ar phíosa radacach teic nach ndéanann ach rud amháin: cuireann sé glaonna.

Coincheap an-simplí é an Light Phone a bhfuil cuma dheas chomhaimseartha air ach atá le húsáid a laghad agus is féidir.

TheLightPhone3

Ar an méid chéanna le cárta creidmheasa, ceanglaíonn sé le do ghlicghuthán ó aon áit chun scairteanna a sheoladh ar aghaidh agus is féidir suas le 10 n-uimhir a shábháil ann, nó an eochaircheap a úsáid chun glaoch a dhéanamh.

Admhaíonn na dearthóirí nach céim chun tosaigh é i dteicneolaíocht na bhfón cliste ach athshamhlú ar fheidhmiú na nguthán inár saol laethúil.

“Níl muid ag maíomh nár cheart do dhaoine glicghutháin a úsáid,” arsa Tang.

“Tá muid díreach ag rá nach bhfuil aon ghá le fógraí ó Twitter nó Facebook nó aon rud eile nuair atá tú ag glacadh do pháiste chun na páirce nó ag ithe dinnéir le do bhean.”

Agus tá an chuma ar an scéal go n-aontaíonn an pobal leis mar go bhfuil an sprioc airgid a bhí ag lucht an Light Phone ar Kickstarter bainte amach acu go luath agus beidh an fón beag éadrom á tháirgeadh gan mhoill.

Ní dócha go gcuirfidh an t-airgeán seo deireadh le gutháin chliste ach seans maith go gcuirfidh sé daoine ag smaoineamh faoin tslí a n-úsáideann siad iad, agus is dea-rud é sin.

SCÉALTA EILE