An Ghaeilge curtha le liosta teangacha Microsoft Translator

Tá an tseirbhís uathaistriúcháin Microsoft Translator anois in ann an Ghaeilge a aithint agus a aistriú. Is néalseirbhís aistriúcháin é Microsoft Translator a oibríonn ar ardáin éagsúla an chomhlachta — an t-inneall cuardaigh idirlín Bing, Microsoft Office, Skype, agus Internet Explorer ina measc.

Is é Microsoft Translator an uirlis a d’fhorbair Microsoft le dul in iomaíocht le Google Translate agus seirbhísí eile aistriúcháin mar é. Táthar in ann Microsoft Translator a úsáid le comhráite beo a aistriú, biachláir agus comharthaí bóthair, chomh maith le cáipéisí agus ábhar eile scríofa. 

Is minic a thoghann an suíomh Twitter Microsoft Translator a úsáid agus seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil. D’fhág an cinneadh seo gur fágadh daoine nach raibh Gaeilge acu dall ar chomhráite idir cainteoirí Gaeilge mar nach raibh Gaeilge ag Bing. Beifear in ann an cnaipe ‘Translate Tweet’ a bhrú anois agus aistriúcháin ar ábhar Gaeilge a fheiceáil sna teangacha eile atá ar fáil ar Microsoft Translator.

Tá feabhas as cuimse tagtha ar sheirbhísí uathaistriúcháin le blianta beaga anuas ach moltar gan na seirbhísí a úsáid chun críocha oifigiúla go fóill. 

SCÉALTA EILE