An post á sheachadadh le dróin in Inse Orc

Tá litreacha agus bearta á seachadadh idir cuid de na hoileáin in Inse Orc, an chéad áit in Albain chun tús a chur lena leithéid de chóras.

‘I-Port’ is ainm don chur chuige nua atá ina chomhfhiontar idir an Royal Mail agus an comhlacht drón Skyports.

Is ar na hoileáin Graemsay agus Hoy atá I-Port á úsáid ar bhonn píolótach ar dtús agus táthar ag súil leis go mbeifear in ann an córas a chur ar bun go buan ina dhiaidh sin.

De ghnáth, nuair a bhaineann an post príomhbhaile Inse Orc, Bàgh na h-Eaglaise, amach, cuirtear ar eitleán go Stromness é agus ansin ar bhád amach chuig Graemsay agus Hoy.

Is minic a chuireann an aimsir isteach ar an gcéim dheiridh sin den turas áfach agus nach féidir an post a sheachadadh go dtí an lá dár gcionn.

Anois, a bhuí leis an gcóras nua, ceanglaítear na litreacha agus na bearta le drón agus déantar iad a sheachadadh chuig na hoileáin a luaithe is a bhaineann siad Stromness amach.

In Éirinn triaileadh córas den chineál céanna i gCliara, Contae Mhaigh Eo, in 2018, agus tá an comhlacht Manna tar éis breis agus 100,000 seachadadh dróin a dhéanamh cheana féin in Órán Mór na Gaillimhe agus i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath.

Tá infheistíocht mhór faighte ag an gcomhlacht agus é beartaithe acu cur lena seirbhísí sa tréimhse amach romhainn – tá sé de sprioc acu 1.5 milliún duine sa tír a shroicheadh le seachdtaí dróin ar an mbliain seo chugainn agus an gnó a leathnú thar sáile lena chois.

Tá ré an tseachadta le drón buailte linn!

SCÉALTA EILE