Is maith is cuimhin liom a bheith amuigh ag rothaíocht ar na sráideacha le mo chairde agus mé i mo pháiste. Ba ghnách linn na tráthnónta i ndiaidh am scoile a chaitheamh faoin spéir ag imirt leaisteanna nó ag déanamh ‘olagas’ ag geata an fheirmeora ag barr na sráide. Ní stadfadh muid de bheith ag súgradh gur chuala duine againn ár n-ainm á scairteadh ag tuismitheoir nó gur lasadh na soilse sráide. Bhí saol an mhadaidh bháin againn ar an aois sin agus gan faic le bheith buartha faoi seachas spraoi.
Go dtí gur tháinig an Playstation 2 amach ar aon nós.
Nuair a bhí an rialtán úd i mo lámha agam, ba chuma aon rud eile. Thaitin sé liom tomhais a réiteach agus an chéad leibhéal eile a bhaint amach. Sásamh láithreach a bhí ann. Mhothaigh mé cliste cionn is go raibh mé in ann an bua a fháil ar an fhíschluiche. Beag beann air sin, mhothaigh mé cumhachtach go raibh mé ábalta rudaí fordhaonna a dhéanamh nach mbeadh ann dóibh san fhíorshaol. Ach sin nuair a tháinig fadhbanna chun cinn.
Tá tú ag caitheamh barraíocht ama ag imirt cluichí. Tá tú ag dul a luí rómhall. Sin an fáth a mbíonn tuirse ort i gcónaí. Tiocfaidh cruth cearnógach ar do shúile. Tá tú ag déanamh dochar do do radharc.
Anois, dá mba rud é go raibh mé cliste go leor na físchluichí seo a shárú in aon lá amháin, cén fáth ar shíl mo thuistí go gcreidfinn go raibh cumhacht osnádúrtha ag an teilifíseán cruth an dá shúl a athrú? Ach is scéal eile é an mórtas sin.
An rud atá á ráit agam ná gur shíl mé go raibh bréag á hinsint ag mo thuistí agus ag mo sheantuistí. Shíl mise gur rud maith a bhí ann mo scileanna fadhbréitigh a fheabhsú. Go raibh mé ag cur le mo chumas intleachtúil. Ní raibh cruthúnas agam fána choinne seo go dtí an lá inniu, áfach.
Rinne Saotharlann Taighde Eolaíochta Lero Esports in Ollscoil Luimnigh taighde le déanaí a chruthaigh go raibh aird agus cuimhne fheabhsaithe ag cluichirí. Ghlac 88 aosach óg páirt sa staidéar a foilsíodh sa British Journal of Psychology. Leath acu a d’imir físchluichí go rialta, agus an leath eile nár imir. Bhí ar rannpháirtithe an taighde trí thasc a dhéanamh; tástáil ar an am freagartha, freagairt ar mheascáin uimhreacha agus meascáin litreacha chun feidhm feidhmiúcháin a mheas, agus tasc lúbra chun díriú ar an chuimhne.
Fuarthas amach go raibh na cluichirí rialta in ann an tasc uimhirlitreach agus an tasc lúbra a chríochnú 12.7% agus 17.4% níos gaiste faoi seach ná na neamhchluichirí.
Dúirt an Dr Adam Toth ó Ollscoil Luimnigh, atá ina údar ar an taighde, “Is minic a cháintear agus a bhreathnaítear ar imirt rialta na bhfíschluichí mar rud míshláintiúil, ach léiríonn ár dtaighde gur féidir go bhfuil buntáistí cognaíocha áirithe ag cluichirí thar an bpobal i gcoitinne, go háirithe iad siúd a bhaineann le haird agus le cuimhne.”
A haon-a náid, a mhamaí.
Sin sin, mar a déarfá. Nó, an ea?
Mar chuid den staidéar chéanna, rinne na taighdeoirí measúnú ar mheath na feidhmíochta sna rannpháirtithe thar thréimhse ama. D’fhoghlaim siad go dtagann meath feidhmíochta agus tuirse chognaíoch ar na cluichirí agus ar na neamhchluichirí ar an ráta chéanna. Ní raibh difear suntasach idir seasmhacht na gcluichirí rialta agus seasmhacht na neamhchluichirí.
Go breá. A haon-a haon.