Athnuachan na mbothanna fóin

Cuimhnigh ar Bill & Ted, a d’úsáid an bothán teileafóin dá n-eachtraí amthaistil, nó Clark Kent, a rith isteach ann chun a chába dearg Superman a scaoileadh amach.

B’shin thuas seal an bhosca theileafóin, am a bhí na milliúin ag brath air le haghaidh cumarsáide agus suntas ar leith á thabhairt dó i mórscánnáin Hollywood.

In Cincinnati SAM sa bhliain 1905 a tógadh an chéad bhosca fóin lasmuigh.

Boscaí adhmaid a bhí i gceist an t-am sin agus ní go dtí na 1950í gur tháinig na bocsaí gloine chun cinn.

phone

Tháinig thíos seal an bhocsa fóin le theacht na nguthán glic agus táthar le feiceáil tréigthe i mórchathracha an domhain mhóir ó shin.

Faoi dheireadh, tá athrú in ann don bhoth fóin i Nua-Eabhrac, atá ag glacadh le cur chuige Shanghai na Síne chun bothanna fóin na cathrach a athnuachan.

Sna míonna amach romhainn, beidh 7,500 bothán fóin timpeall na cathrach á n-aistriú ina moil (hotspots) wifi.

Internet

Chomh maith le rochtain saor in aisce wifi ‘Link NYC’, tá súil go mbeidh daoine in ann dul isteach sna bothanna chun a gcuid guthán cliste a luchtú, brabhsáil ar líne leis an scáileán tadhaill le teacht ar mhapaí nó cibé agus scairteanna saor in aisce a dhéanamh ar líne.

Is olc an ghaoth…!

SCÉALTA EILE