Tá scéala faighte againn ó Doha, príomhchathair Chatar, go bhfuil bac curtha ag údaráis an stáit Arabaigh ar úsáid an tsuímh seo, nos.ie.
Ó seoladh ár láithreán nua seachtain ó shin tá cuairteanna faighte againn ó 65 tír san iomlán, An Iaráin, An Araib Shádach, An tSín, Burma agus Ruanda ina measc.
Bhí breis agus 20 duine ag léamh an tsuímh go rialta i gCatar, áit a bhfuil go leor Éireannach ag obair faoi láthair, ach ón lá inné tá cosc curtha ar chuid de nos.ie taobh istigh den stát.
Meastar gurb é an t-alt seo ar úsáid na pornagrafaíochta in Éirinn, a foilsíodh inné, is cúis leis an bhac idirlín.
“Bhí mé ag breathnú ar NÓS ar líne le seachtain anuas anseo in Doha,” arsa Angus Lambkin, saineolaí ar ghnóthaí daonnúla a bhíonn ag obair leis na Náisiúin Aontaithe.
“Ach nuair a thriail mé cuairt a thabhairt ar an suíomh inniu, tháinig fógra (thuas) ar an scáileán le hinse dom go raibh cosc ar an suíomh.
“Is iomaí tír san Afraic agus san Áise a raibh mé lonnaithe iontu le blianta beaga anuas ach is dóigh liom gurb í seo an chéad uair nach raibh cead agam dul isteach ar shuíomh Gaeilge.”
Is stát beag de 1.8 milliún duine ar Leithinis na hAraibe é Catar.
Tá go leor infheistíochta idirnáisiúnta déanta sa tír de bharr na gcúltaiscí móra gáis agus ola atá ann, rud a fhágann go bhfuil Catar ar an tír is saibhre ar domhan per capita den daonra.
Ní fios dúinn fós an bhfuil deacrachtaí in áit ar bith eile ar domhan teacht ar nos.ie nó ar aon suíomh eile Gaeilge.
Má tá aon eolas agat féin air seo, ba bhreá linn cloisteail uait!