Cé go bhfuil deacrachtaí leathanbhanda na tíre seo fós ag dó na geirbe ar chuid mhór daoine, tá scéal dearfach faighte ag muintir Shrí Lanca go mbeidh balúin theo ag soláthar seirbhís idirlín ar ardchaighdeán sa tír gan mhoill.
Tá an fhréamhshamhail ‘Nighthawk’, atá á forbairt ag Google le tamall anuas, dírithe ar sheirbhís idirlín ar ardluas a chur ar fáil i Srí Lanca.
Is tír mhaith í Srí Lanca le tástáil mar is ceart a dhéanamh ar éifeacht na mbalún de bharr na drochsheirbhíse idirlín atá ann i láthair na huaire.
Agus daonra de bhreis agus 22 milliún duine i Srí Lanca, meastar nach bhfuil ceangal idirlín soghluaiste ar fáil ach ag 2.8 milliúin duine agus gur tuairim is 600,000 duine a bhfuil fáil acu ar idirlíon trí cheangal sreanga.
Cé nár fógraíodh aon chlár ama go fóill, tá rialtas Shrí Lanca ag súil go mbeidh toradh ar na hiarrachtaí taobh istigh de roinnt míonna.
Seo an iarracht is déanaí de chuid Project Loon (fiontar le Google), gréasán domhanda de bhalúin aeir dírithe ar sholáthar idirlín a chur ar fáil do dhaoine i gceantair iargúlta ar fud an domhain.
Is é an dearthóir aeraspáis Raven Aerostar, a chomhoibrigh le Project Loon chun an balún idirlín ‘Nighthawk’ a chruthú.
Maíonn Google gurb iad na balúin is éifeachtaí go dtí seo agus go bhfanann siad san aer ar feadh céad lá sula dtagann siad anuas go talamh arís.