Idir thráchtaireacht áibhéalach ar chúrsaí reatha agus chomhráite cuideachtúla sa teach tábhairne, is minic a bhaintear barraíocht úsáide as an fhrása ‘tá an domhan athraithe ó bhun’.
Mar sin féin bíonn tréimhsí ann a bhfuil sé ábhartha go maith mar nath. Is cinnte gur dúradh go minic é sna blianta beaga i ndiaidh theacht Strongbow go hÉirinn, nó nuair a céadcheapadh an chlódóireacht, nó nuair a thosaigh an carr ag glacadh seilbh ar na bóithre, nó nuair a d’úsáid ceannairí an domhain shaoir, mar dhea, buamaí núicléacha i gcoinne sibhialtaigh bhochta sa tSeapáin i gcéin.
Anois tá an chuma ar an scéal go bhfuil tréimhse eile buailte linn a bhfuil sé fóirsteanach an frása céanna a úsáid arís.
Bheadh údar go leor leis i bhfianaise an tsléachta is déanaí sa Phalaistín ar ndóigh – an chéad uair i stair an duine dhaonna atá cinedhíothú scáfar, atá á éascú ag na maithe móra, á chraoladh beo os ár gcomhair 24/7.
Agus go deimhin d’fhéadfaí na sé fhocal a chur i ngníomh fosta maidir leis an olldíothú speiceas atá ag dul ar aghaidh gan stad gan staonadh agus arb iad gníomhaíochtaí aineolacha an speicis s’againn féin is cúis leis.
Is rud eile ar fad áfach a spreag mé leis an fhrása a rá go ciúin liom féin agus mé ar líne an lá faoi dheireadh: feabhas fíochmhar na hintleachta saorga.
Is é a bhí ar an scáileán amach romham ná sraith físeán a cruthaíodh le Veo 3, an leagan is úire de ghineadóir físeán IS Google.
Bhí agallaimh ar an tsráid ann, agus tuairisc nuachta i stiúideo snasta, agus mórthaispeántas táirgí, agus gearrthóg ó fhadscannán eipice. Na haghaidheanna áille a bhí ag bogadh go breá nádúrtha, an chaint rithimiúil shoiléir, na sárghrafaicí ardtaifigh – ní raibh aon chuid de a thug le fios nach fíorphíosaí scannánaíochta a bhí i gceist, gnáthobair cheamaradóireachta agus eagarthóireachta a rinne fíordhaoine le fíorthrealamh i bhfíorshuíomhanna.
A mhalairt glan a bhí ann áfach óir is córas téacs-go-físeán é Veo 3 atá in ann scannáin réalaíocha a chruthú ó leideanna focal. Scríobh duine éigin amach cur síos ar na físeáin a bhí uathu agus nochtadh rompu go huathoibríoch iad. Is míniú róshimplí é sin ar an teicneolaíocht iontach taobh thiar den chóras ach tuigeann sibh an rud atá i gceist.
Tá a leithéid ar fáil le tamall ach tá na torthaí is déanaí ar chaighdeán nach bhfacthas riamh cheana. Is gá iad a fheiceáil lena gcreidiúint.
Ar ndóigh níl sna scannáin ríomhghinte seo ach gné amháin den réabhlóid IS atá faoi lán seoil i láthair na huaire.
Tá ChatGPT agus botaí comhrá eile ann, tá gineadóirí ceoil ann, tá an aghaidh-aithint ann, tá cúntóirí digiteacha ar nós Siri agus Alexa ann, sin agus tionchar na hintleachta saorga ar na meáin shóisialta uileláithreacha.
Is ábhar iontais iad na forbairtí seo ar fad atá ag mealladh tuilleadh úsáideoirí i rith an ama agus ag daingniú treocht nuálaíochta nach dtiocfaidh aon mhaolú air go ceann tamall fada.
Ach is gá a bheith cúramach. Bíodh is go bhfuil cásanna úsáide fiúntacha ag baint leis an intleacht shaorga agus nach ceart cur ina coinne scun scan, caithfidh muid a bheith roghnaitheach san idirghabháil a bhíonn againn léi.
Uirlis áisiúil atá ann seachas modh maireachtála.
Mar shampla níor mhaith an rud é a bheith ag brath ar bhotaí comhrá gach uair a bheadh inspioráid uainn ná ar ríomhghineadóirí nuair a bheadh togra cruthaitheach nua le tosú againn.
Tá an tsamhlaíocht de dhlúth agus d’inneach sa chine dhaonna ach is gné í dár bpearsantacht, idir aonair agus chomhchoiteann, nach mór a chothú go minic, as ár stuaim féin nó in éineacht le daoine eile, ionas go rachaidh sí chun tairbhe dúinn.
Úsáid í nó meathfaidh sí.
Agus dlús á chur i gcónaí le forbairt na dteicneolaíochtaí seachtracha ar nós IS, beidh gá níos mó le forbairt na dteicneolaíochtaí inmheánacha atá ag gach uile dhuine againn: an chruthaitheacht, an cairdeas, an grá, an tuiscint.
Beidh tábhacht níos mó leis an ghnáth-theagmháil idir daoine agus lenár scéalta pearsanta a roinnt i nglórtha s’againn féin, i dteanga s’againn féin, i mbealaí fabhtacha s’againn féin.
Dealraíonn sé go mbeidh IS i gcroílár ár saoil as seo amach ach caithfidh muidne ár gcroí féin a choinneáil fíor agus a bheathú lena chinntiú go mbíonn an comhluadar, an t-anam, an draíocht go fóill ina ndlúthchodanna de thaithí an duine ar an phláinéad.
Is sna nithe sin atá fíorbhrí an tsaoil le fáil, is cuma cé chomh tarraingteach is atá na forbairtí teic is úire.
Dá shaorga a éiríonn an domhan is ea is daonnaí is gá dúinne a bheith.