‘Bratach Thuaisceart Éireann’ ar na emoji is mó éileamh

Tá ‘Bratach Thuaisceart Éireann’ i measc na emoji is mó atá á n-éileamh i láthair na huaire, dar leis an suíomh Emojipedia. Tá leagan emoji ann do gach tír a aithnítear go hidirnáisiúnta, an 193 atá ina mball de na Náisiúin Aontaithe, an Vatacáin, an Phalaistín, an Cosaiv agus an Téaváin. 

Sa mbliain 2017, cuireadh leaganacha emoji ar fáil de bhratacha na hAlban, na Breataine Bige agus Shasana, mar gheall ar éileamh ón bpobal. Níor cuireadh ‘bratach Thuaisceart Éireann’ ar fáil an uair sin toisc nach bhfuil aon bhratach oifigiúil ag an réigiún seachas brat na Ríochta Aontaithe. 

Mar is eol do chách, is ceist achrannach í ceist na mbratach sa Tuaisceart, agus is mar gheall air sin a seachnaíodh an cheist roimhe seo. Luaitear ‘Meirge Uladh’ go minic leis an Tuaisceart, an bhratach a bhíodh ar foluain os cionn Stormont go dtí 1972. Ar ndóigh, is leis an bpobal Aontachtach, agus an rialtas a bhí i bhfeidhm sa réigiún idir 1953 agus 1972  is mó a shamhlaítear an bhratach sin, bratach nach bhfuil an pobal náisiúnach rócheanúil uirthi. 

Bratach eile a luaitear leis an Tuaisceart ná bratach Uladh féin, bratach atá in úsáid ar fud na hÉireann agus a sheasann do naoi gcontae Uladh. Is iondúil go bhfeictear an bhratach ar foluain in éineacht le bratach Laighean, na Mumhan, agus Chonnacht, nó mar chuid de bhratach na gcúigí. Is í bratach oifigiúil CLG Uladh agus foireann rugbaí Uladh, agus feictear é go minic ar bhratach an IRFU. Ar ndóigh, ní don réigiún riaracháin a thugtar ‘Tuaisceart Éireann’ uirthi a sheasann an bhratach seo agus ní mó ná sásta a bheadh an pobal Aontachtach lena leithéid d’emoji. 

Feictear ‘Crosaire Phádraig’ anois agus arís, bratach atá ábhairín níos neodraí ó thaobh na polaitíochta de ná an phéire eile, ach atá claonta mar sin féin i dtreo na Ríochta Aontaithe. Ba é Seoirse Rí a bhunaidh Ord Phádraig in 1783 agus tharraing an tOrd an bhratach seo chucu féin mar mheirg. Cé go bhfuil baint ag an dearadh le Gearaltaigh Chill Dara, agus go n-úsáidtear go forleathan sa gcontae sin i gcumainn CLG agus eagraíochtaí eile, is beag glacadh atá ag formhór an phobail náisiúnaigh ó thuaidh leis. 

Fágann sé sin Brat an Aontais agus brat na hÉireann, dhá bhratach atá ar fáil cheana féin mar emoji. 

Cé nach dtugann Emojipedia eolas beacht faoin gcineál brataí atá á éileamh, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur Meirge Uladh nó Crosaire Phádraig atá i gceist, agus gurb iad an pobal Aontachtach atá á éileamh den chuid is mó. 

Tá ‘bratach Thuaisceart Éireann’ luaite ar Emojipedia i measc na ‘Fobhratacha’, in éineacht le bratacha do stáit éagsúla Mheiriceá, oileáin áirithe, cúigí Cheanada agus na hAstráile, don Chatalóin agus do réigiúin éagsúla ar fud na hEorpa. Níl aon cheann de na bratacha sin ar fáil i láthair na huaire, ach d’fhéadfaí go gcuirfí ar fáil iad amach anseo.  

Ar an liosta a d’eisigh Emojipedia de na emoji is mó a bhfuil éileamh orthu i láthair na huaire bhí 13 bratach ar fad: Bundúchasaigh na hAstráile, Bród na nDéghnéasach,  an Bhriotáin, an Chatalóin, an Chordastáin, Treibheanna Dúchais Mheiriceá, ECAT, Pan-Afraic, Texas, an Tibéid, Oileán Chaolas Torres, Bród na dTrasinscneach, agus Tuaisceart Éireann. 

“Tá sé deacair iarratais ar emoji a mheas mar is minic a bhíonn daoine an-phaiseanta faoi emoji ar leith, nach mbainfí an oiread sin úsáide as i ndáiríre. Seans nach mbeadh aon fheachtas ann emoji vaiféil a cheadú, ach is dóigh go n-úsáidfí a leithéid i bhfad níos minice ná mar a d’úsáidfí bratach ECAT,  a bhfuil go leor daoine á éileamh,” a dúirt Jeremy Burge, bunaitheoir Emojipedia. 

SCÉALTA EILE