Sa lá atá inniu ann tagann táirgí nuálacha ar an mhargadh go minic a athraíonn gach rud a chuaigh rompu.
I saol an cheoil ach go háirithe tá gléasanna úra nó teicneolaíocht réabhlóideach tar éis athrú suntasach a dhéanamh ar an earnáil le 15 bliain anuas, ón iPod agus iTunes go DAB agus Spotify.
36 bliain ó shin áfach ní raibh mórán d’fhorbairt i ndiaidh teacht ar na bealaí a d’éist daoine le ceol ó eisíodh an raidió trasraitheora sna 50í.
Athraíodh sin go hiomlán cothrom an lae seo in 1979 nuair a chuaigh an chéad Walkman de chuid Sony ar díol sa tSeapáin.
Bhí an teicneolaíocht chun caiséidí a sheinm ann cheana ar ndóigh ach bhris Sony an múnla lena ngléas beag iniompartha.
Cathaoirleach an chomhlachta Masaru Ibuka a bhí ag iarraidh bealach chun éisteacht le ceol agus é ag taisteal ar eitiltí agus cuireadh snas ar choincheap an Walkman dá bharr.
Níor díoladh ach 3,000 acu sa chéad mhí ach tar éis feachtas samhlaíoch margaíochta – shiúil ionadaithe de chuid Sony a fhad le daoine ar shráideanna Thóiceo agus thug deis dóibh éisteacht leis an Walkman – tháinig borradh mór faoin ghléas agus díoladh amach an stoc ar fad de 30,000 faoi dheireadh Lúnasa.
Agus is mar sin a tháinig ann do cheann de na gléasanna ceoil is rathúla agus is clúití ar domhan.
Anois cá bhfuil mo peann chun an diabhal téip seo a athchasadh arís…?!