Shílfeá go raibh aip ann le haghaidh gach rud faoin spéir na laethanta seo agus, i bhfianaise na haipe nua ar tháinig mé air le déanaí, bheadh an ceart agat.
Cé nach bhfuil sé seolta fós, cuirfidh Airsocial ar chumas taistealaithe aeir aithne a chur ar a gcomhphaisinéirí fiú sula mbaineann siad an t-aerfort amach.
Is aip í lena gcláraíonn tú do shonraí féin agus sonraí d’eitilte, agus ansin is féidir leat teagmháil a dhéanamh le haon úsáideoir eile a bheas, nó a bhí, ar an eitilt chéanna leat.
Dar le cruthaitheoirí Airsocial go bhfuil siad ag iarraidh déanamh de réir a n-ainm, is é sin an t-eispéireas eitilte a dhéanamh níos sóisialta agus comhthaistealaithe a chur i dteagmháil lánbhrí lena chéile.
Nuair atá an ceangal déanta is féidir leat do rogha ruda a dhéanamh: tacsaí a roinnt, moltaí a mhalartú nó, ar ndóigh, coinne a eagrú i do cheann scríbe.
Níor éirigh an coincheap den talamh go fóill ach is féidir an turas a leanúint ar airsocial.co
Cad é bhur meas? An mbainfeá feidhm as a leithéid nó an fearr leat eitilt gan aithne a chur orthu sin thart ort?