Bualadh bos do na Gaeil! Na Emoji is mó úsáid ar líne

Is é an ‘bualadh bos’ (👏🏻) an emoji is ansa leis na Gaeil ar líne, dar le heolas nua atá faighte ag NÓS. 

Rinneadh ceiliúradh inné ar Lá Idirnáisiúnta na Emoji agus tá taighde déanta ag an ríomheolaí aitheanta  Kevin Scannell  faoi  na emoji is fearr le cainteoirí  Gaeilge. Rinne an tOllamh Scannell, atá ag obair ar thograí Gaeilge ar líne i  gCarna i láthair na huaire, scagadh ar úsáid na emoji i measc cainteoirí Gaeilge Twitter,  agus chuir liosta le chéile den 100 emoji  is coitianta.

Ar bharr an liosta sin i mbliana tá an ‘bualadh bos’. Is minic a úsáidtear an emoji seo le moladh a thabhairt do dhuine eile ar na meáin shóisialta, ach feictear go rímhinic freisin é nuair atáthar ag iarraidh béim a leagan ar theachtaireacht. Sa gcás sin, is iondúil go gcuirtear an emoji i ndiaidh gach focal san abairt.

Tá na giolcacha poiblí go léir a seoladh ó chuntais phoiblí Twitter bailithe ag Scannell mar chuid den togra ‘Indigenous Tweets’, agus is ón mbailiúchán sin a tháinig sé ar an 50 emoji is mó úsáid ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter.

Ar an dara emoji is mó úsáid i measc cainteoirí Gaeilge tá an 😂. D’fhógair Oxford Dictionaries an 😂 mar fhocal na bliana in 2015 — an t-aon uair riamh a tugadh an stádas sin do straoiseog. Ar Emojipedia, ciclipéid na emoji, cuirtear síos ar an 😂 mar “deora áthais” agus is minic a úsáidtear í le gáire croíúil a chur in iúl. Is minic, áfach, a bhaineann míthuiscint leis an emoji le “deora bróin” a chur in iúl — cúram an emoji seo: 😭.

Dream dearfach, grámhar, tacúil iad na Gaeil ar líne más aon tomhais iad na emoji ar an gcuid eile den liosta. I measc emoji eile ar bharr an liosta, tá an ordóg 👍, an miongháire croíshúileach 😍, an aililiú 🙌,  an miongháire 😊, agus cúpla leagan den chroí, 💚  agus ❤  ina measc. 

Cé go bhfuil na emoji cáilithe do mhná agus fir (is é sin le rá emoji a athraíonn inscne emoji eile) ar an liosta den 100 emoji is coitianta, níl na emoji a athraíonn dath craicinn na gcarachtar beag chomh coitianta sin cé is moite den emoji cáilithe do chraiceann geal.

Níl an tóir chéanna ar ‘an fuilghrúpa O’ 🅾 anois le hais mar a bhí dhá bhliain ó shin, nuair a bhí sé ar an gcúigiú straoiseog is mó úsáid i measc na nGael. Ní cúrsaí fola ná leighis a bhíonn i gceist ag lucht labhartha na Gaeilge nuair a bhíonn an straoiseog seo in úsáid acu, ainneoin theideal oifigiúil na siombaile, ach an feachtas ‘Dearg le Fearg’. Tá an ciorcal bán ar chúlra dearg tarraingthe ag lucht an fheachtais chucu féin mar shuaitheantas idirlín.

Tá úsáid an emoji áirithe sin tite go mór in imeacht dhá bhliain, ón uair a bhí borradh mór faoin bhfeachtas, ach tá ‘an ciorcal mór dearg’ ⭕ agus ‘an ciorcal dearg’ 🔴 le feiceáil ar an liosta freisin, cé nach bhfuil ceachtar acu go mór i mbéal an phobail anois. 

Tá ‘an tÉireannachas’ le feiceáil mar théama sa liosta freisin, agus ceithre straoiseog a úsáidtear go minic le teachtaireachtaí faoi Éirinn, faoi Éireannaigh nó faoin Éireannachas i measc an 20 straoiseog is mó úsáid: ‘an tseamair Mhuire’ 🍀, ‘an tseamróg’ ☘, ‘an croí glas’ 💚 agus ‘brat na hÉireann’ 🇮🇪.

SCÉALTA EILE