Busanna gan tiománaí ar bhóithre na hEastóine


Tá busanna féintiomána ag feidhmiú faoi láthair i bpríomhchathair na hEastóine, Taillinn.

Is chun comóradh a dhéanamh ar sheilbh Uachtaránacht an Aontais Eopraigh bheith ag an Eastóin a tugadh faoin togra nuálach taistil seo.

Tá dhá bhus, a thógann ocht bpaisinéir, ag freastal ar bhealach idir lár na cathrach agus an mol cruthaitheach, Kultuurikatel, áit a mbeidh an Uachtaránacht bunaithe go dtí deireadh na bliana.

Cé go bhfuil na busanna beaga gan aon tiománaí, tá oifigeach ar bord chun fáilte a chur roimh na taistealaithe agus an teicneolaíocht nua a mhíniú dóibh.

Is é an comhlacht Francach, EasyMile, déantóir na mbusanna, a oibríonn ar chumhacht leictreach.

Ní bheidh siad i mbun seirbhíse in Taillinn ach le linn mhí Lúnasa ach is cinnte gur comhartha iad ar na modhanna taistil lenar féidir linn bheith ag súil sa am amach romhainn.

SCÉALTA EILE