Cainteoirí dúchais na Mumhan á lorg
do thogra ríomhaireachta

Tá cainteoirí dúchais as ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh agus i gCiarraí á lorg ag mac léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dá tráchtas do chúrsa ríomhaireachta. Tá Eileen Ní Ghairbheith ag obair ar uirlis a aithneoidh canúintí na Gaeilge, agus teastaíonn daoine a tógadh le Gaeilge i gceantair Ghaeltachta sa dá chontae sin uaithi don togra.

Tá “oiliúint” a chur ar thrí uirlis éagsúla aici i láthair na huaire, le trí mhórchanúint na Gaeilge a aithint — Gaeilge Thír Chonaill, Gaeilge Chonnacht, agus Gaeilge na Mumhan. 

“Caithfidh mé sonraí a bhailiú i bhfoirm taifeadtaí d’abairtí á rá ag cainteoirí dúchais chun na samhlacha seo a oiliúint. Níl aon chiall leis na habairtí a bheidh le taifeadadh agus ní luíonn siad le gramadach na Gaeilge — níl sé mar aidhm agam ach fuaimeanna uile na Gaeilge a chlúdach. Tá na fuaimeanna seo níos tábhachtaí ná na focail féin mar go n-úsáidfear na fuaimeanna chun an chanúint a aithint,” a dúirt Eileen le NÓS. 

Beidh ríomhchlár á fhorbairt ag Eileen le Java agus súil aici uirlis a chruthú a aithneoidh cainteoirí ó trí mhórGhaeltacht na hÉireann. 

Don chuid seo dá togra tá Eileen ag díriú ar chanúint na Mumhan, go sonrach ar Chorcaigh agus Ciarraí. Is féidir le cainteoirí dúchais a bhfuil spéis acu páirt a ghlacadh sa togra na habairtí a thaifeadadh ar an bhfón póca agus a chur ar aghaidh chuig Eileen: eileen.mcgarvey4@mail.dcu.ie. 

Tá spéis nach beag á cur in obair den chineál seo le tamall de bhlianta anuas agus fás as cuimse tagtha ar bhogearraí a aithníonn glór duine. Is iomaí duine a úsáideann córais ar nós Siri ar an iPhone nó an uirlis Amazon Echo sa mbaile le treoracha ó bhéal a thabhairt do ríomhairí. Tá córais mar iad ar fáil i gcarranna agus i mbialanna freisin, agus táthar ag súil go mbeidh siad an-choitianta ar fad sna blianta amach romhainn. 

Tá Common Voice Mozilla ag obair ar thogra foinse oscailte le samhail aitheanta cainte a chruthú don Ghaeilge i láthair na huaire agus tá súil ag Conradh na Gaeilge agus ag an Rialtas araon borramh a chur faoi thograí mar é go luath.