Ní rófhada ó shin a bhí laethanta órga na dtiománaithe faoi oiliúint againn anseo in Éirinn, tráth a thiocfadh leat bóthair na tíre a bhualadh agus an ceadúnas sealadach i do ghleic agat, gan fiú ceacht amháin a bheith déanta agat.
Sin mar a d’fhoghlaim mé féin i nGaillimh.
Saoirse, neart meancóg agus cleachtadh.
Tá deireadh nach mór curtha leis na blianta scaoilte sin.
Ó bhí 2007 ann, tá rialacha níos déine tagtha i bhfeidhm a chuir stop leis an chleachtas seo, cé go bhfuil aithne agam ar níos mó ná duine amháin atá ag treabh leo le breis agus deich mbliana anuas agus an ceadúnas sealadach á úsáid acu – ach sin scéal do lá eile!
Ach is cosúil nach í Éire an t-aon tír san Eoraip a bhfuil dlíthe na mbóithre ag titim idir dhá stól.
Sa Fhrainc ní gá bacadh le ceadúnas ar bith má tá tú ag tiomáint an VSP – an ‘Voiture Sans Permis’, a chiallaíonn ‘Carr Gan Cheadúnas’.
Is carr beag bídeach dhá shuíochán é seo ar féidir le duine ar bith thar 14 bliana d’aois a thiomáint.
Ní fios go baileach líon na gcarranna VSP atá ar bhóithre na Fraince – chiffre noir is ea é, nó ‘figiúr anaithnid’, ach is mó seans go bhfeicfeá seancharr ná leagan nua de.
Le huasluas de 45km, scréachann an cairrín beag seo ar ardairde mar a bheadh sean-inneall níocháin ann agus é ag gabháil leis.
Ní haon rún é gur rogha choitianta i measc seandaoine é an VSP, a bhfuil a gceadúnas tiomána caillte acu nó as feidhm de bharr sláinte agus aoise.
Má thagann tú ar VSP romhat sa bhóthar agus tú ar saoire sa Fhrainc an samhradh seo, is deis mhaith í tarraingt isteach agus breathnú ar na radhairc áille seachas cantal a chur ort féin agus tú gafa ar a chúl!