Carr nua uait? Priontáil é.

Cathair an chairr í Detroit SAM agus is ann atá Seó Idirnáisiúnta Gluaisteán Mheiriceá Thuaidh faoi lán seoil i láthair na huaire.

Ar na hiontais a cuireadh os comhair an tslua ag an ócáid mhór go dtí seo tá mótar amháin a déantúsaíodh trí phróiseas nárbh fhéidir fiú a shamhlú díreach cúig bliana ó shin – an phriontáil thríthoiseach (3D).

Comhlacht de chuid Arizona, Local Motors, atá taobh thiar den ghluaisteán ‘Strati’ agus cuireadh dubhiontas ar an lucht féachana inné nuair a rinneadh cuid de chorp an chairr díreach ar urlár an tseó féin.

Plaisteach measctha le snáithín carbóin is bunús dó agus is féidir an pháirt seo den charr a phriontáil i ‘mion-mhonarcha’ taobh istigh de 44 uair an chloig, cé go bhfuil sé de sprioc ag Local Motors an t-amscála seo a laghdú go lá amháin go luath.

Ansin cuirtear an t-inneall, an cadhnra agus rothaí leis agus tá sé réidh le tiomáint.

strati-soilse

Ní bheidh an Strati ag briseadh aon luasteorainneacha go fóill – ní féidir leis ach 40km san uair a bhaint amach faoi láthair – ach is forbairt iontach é go bhfuil a leithéid de ghluaisteán ann agus is léiriú é ar an todhchaí atá amach romhainn.

Beidh na chéad charranna de dhéantús priontála 3D ar díol i SAM roimh dheireadh na bliana agus meastar nach mbeidh níos mó ná €25,000 orthu.

Moladh NÓS: Fan go fóill ach coinnigh súil amach don teic beagnach todhchaíoch seo.

SCÉALTA EILE