Cás a bhraith ar Google Translate caite as an gcúirt

Tá rialaithe ag breitheamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá nach bhfuil an t-inneall aistriúcháin Google Translate sách maith le húsáid i gcúrsaí áirithe póilíneachta. Rialaigh Carlos Murguia, atá ina bhreitheamh dúiche in Kansas, nár leor comhrá a rinneadh trí Google Translate le cead a fháil ó dhuine a bhí faoi amhras, Omar Cruz-Zamora, lena charr a chuardach. 

Aimsíodh os cionn sé chileagram drugaí i gcarr Cruz-Zamora mí Mheán Fómhair seo caite, ach cuireadh a chiontú ar neamhní toisc gur úsáideadh Google Translate le cead a fháil uaidh an carr a chuardach. 

Stop an trúipéir stáit Ryan Wolting an saoránach Meicsiceach ina charr agus é ar an mbealach ó Denver go Kansas City. D’fhiafraigh Cruz-Zamora den phóilín an raibh Spáinnis aige, agus chuir Wolting in iúl dó nach raibh. Thóg Wolting Cruz-Zamora chuig a charr póilíní agus thosaigh ag úsáid Google Translate le comhrá a dhéanamh leis. 

Dúirt Wolting sa gcúirt nárbh fhéidir leis a chinntiú go raibh na haistriúcháin a cuireadh ar fáil le linn an cheistiúcháin, a tharla ag a 3am ar thaobh an bhóthair, “cruinn” ach dúirt go raibh freagraí Spáinnise Cruz-Zamora ag teacht leis na ceisteanna Béarla a bhí á gcur aige féin. D’admhaigh sé freisin, áfach, gur tharla sé anois is arís nár thuig Cruz-Zamora a chuid ceisteanna agus go raibh air iad a chur ar bhealach difriúil. 

Nuair a bhí an ceistiú sin thart, thug an póilín rabhadh do Cruz-Zamora gan a bheith ag tiomáint i gcarr nach raibh cláraithe. Agus é ag imeacht, d’iarr Wolting ar Cruz-Zamora teacht ar ais agus cúpla ceist eile a fhreagairt, agus tháinig sé chun solais go raibh $7,700 aige le carr nua a cheannacht. D’iarr Wolting cead air an uair sin, trí Google Translate, an carr a chuardach agus nuair a dúirt Cruz-Zamora “yeah, yeah, go,” tháinig an póilín ar na drugaí. 

Thug Wolting le fios sa gcúirt go ndúirt sé le Cruz-Zamora seasamh ar thaobh an bhóthair a fhad is a bhí an carr á chuardach aige agus nach ndúirt Cruz-Zamora leis riamh éirí as an gcuardach. Dúirt Cruz-Zamora féin nár thuig sé gur ag lorg cead cuardaigh a bhí an póilín agus nár thuig sé go bhféadfadh sé iarraidh air gan an carr a chuardach. 

Bhí beirt ateangairí gairmiúla i láthair sa gcúirt an tseachtain seo caite freisin, duine amháin a d’aistrigh an comhrá idir Cruz-Zamora agus Wolting ar cheamara cairr an phóilín agus duine eile a thug fianaise faoi iontaofacht Google Translate.

Dúirt na hateangairí beirt nach bhféadfaí brath ar Google Translate le hateangaireacht a dhéanamh idir beirt agus dúirt an té a rinne tras-scríobh ar an gcomhrá a taifeadadh ar an gceamara cairr gurbh é a tuairim nár thuig Cruz-Zamora na ceisteanna a bhí á gcur air. 

Rialaigh an Breitheamh Carlos Murguia, bunaithe ar fhianaise Cruz-Zamora, Wolting agus na beirte ateangairí, nár leor Google Translate le cead a fháil ó dhuine a charr a chuardach agus chuir an fhianaise a frítheadh de thoradh an chuardaigh sin, na sé chileagram drugaí, ar neamhní.

In Éirinn, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill cheana nach bhfuil sé sásúil ar chor ar bith go mbeadh comhlacht poiblí ag baint úsáide as leithéidí Google Translate. 

SCÉALTA EILE