“Cad sa diabhal é seo anois?” a fhiafraíonn cuid agaibh.
Tá go leor againn ciontach as an ‘gcoir’ nua shóisialta seo, agus seans go bhfuil sé á dhéanamh agat féin anois díreach.
Ceaptha ar dtús san Astráil in 2012, is téarma é phubbing a dhéanann cur síos ar an gcleachtas sin nuair a thugann duine neamhaird ar dhaoine eile ina gcomhluadar chun díriú ar a nguthán póca.
Is comhcheangal de na focail Bhéarla ‘phone‘ agus ‘snubbing‘ é.
Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil phubbing mímhúinte ach anois tá an chuma ar an scéal go mbíonn tionchar diúltach aige ar chaidrimh chomh maith.
Dar le taighde a foilsíodh san irisleabhar Computers in Human Behavior le déanaí go ndeir:
– Breis agus 46% de dhaoine go ndearna a leannán ‘fubáil’ orthu
– Breis agus 22% de dhaoine gur chruthaigh ‘fubáil’ deacrachtaí ina gcaidreamh
Dúirt duine d’údair an staidéir, James A. Roberts, go mbíonn daoine níos sona ina gcaidrimh nuair nach mbíonn mórán fubála ar siúl.
“Fuair muid amach gurb iad na daoine a luaigh rátaí arda fubála ina gcaidrimh na daoine a throid níos minice lena gcéile agus a bhí níos míshásta ná iad siúd a thuairiscigh rátaí ísle fubála.”
An chomhairle shoiléir uaidh seo ar ndóigh ná cuir an fón sin ar shiúl agus tú i gcomhluadar daoine eile, go háirithe nuair atá tú ag caitheamh am tábhachtach le do chéile nó páirtí.
Ach, gné eile atá ardaithe ag an taighde seo ná cén Ghaeilge a chuirfidh muid ar an gcleachtas frithshóisialta sóisialta seo?
Phubbáil? Fubáil? É a choinneáil mar atá i mBéarla?
Aon mholtaí cliste agaibh a Nósadóirí?