Cluiche nua oifige: Safari Scáileáin!
Ar thriail tú é go fóill?


Bímis ionraic: ní dhéantar mórán oibre i mórán oifigí ar tráthnóna Aoine.

Bíonn muid ag smaoineamh ar an deireadh seachtaine, na pleananna a bhíonn againn, agus is minic go mbíonn deis ann do phíosa pleidhcíochta i measc na foirne.

Is cosúil gur sin an dóigh ar chruthaigh na hoibrithe áirithe seo an cluiche úrnua s’acu féin: Safari Scáileáin.

Trí leas a bhaint as scáileáin a ríomhairí agus an radharc ceart, tá íomhánna greannmhara cruthaithe acu a mheascann cloigne a gcomhghleacaithe agus coirp na n-ainmhithe.

Bain triall as tú féin agus bí i dteagmháil linn!


5


3


4


2


7


6