Cluiche úrnua focal againn

Tá líon na n-áiseanna oideachais agus spraoi atá ar fáil i nGaeilge ag dul i méad i rith an ama, agus ceann eile curtha leis an liosta inniu.

Is cluiche é Wordumz ina mbíonn ar an imreoir focail a chur le chéile ó shraith litreacha chomh sciobtha agus is féidir.

D’fhéadfá focal gairid a scríobh nó brú breise a chur ort féin chun litriú níos faide a aimsiú agus scór níos mó a ghnóthú.

Ní amháin sin ach is brabhsálaí focal é Wordumz chomh maith a ligeann duit breathnú tríd na focail chun cur le do stór pearsanta féin

An ríomhchláraitheoir Neil Stewart, a chónaíonn i nGarbhchríocha na hAlban, a d’fhorbair an cluiche go neamhspleách agus is é an Gael aitheanta agus an tOllamh le Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis, Missouri SAM, Kevin Scannell, a d’oibrigh ar an leagan Gaeilge.

Tá Wordumz le fáil i bhfoirm aipe ar Google Play faoi láthair (níl ach costas ainmniúil air) agus eiseofar leagan iOS amach anseo.

Tá an cluiche ar fáil le tamall i nGaeilge na hAlban.

SCÉALTA EILE