Coiscíní Cliste

Rogha chiallmhar a bhí sna coiscíní le fada ar ndóigh ach cad faoi na coiscíní cliste seo, a chairde?

Sea léigh sibh i gceart é, ní fada go mbeidh coiscíní cliste ag teacht ar an mhargadh a dhéanann measúnú ar an oiread fuinnimh a úsáidtear agus tú ag bualadh leathair.

‘iCon Smart Condom’ a thugtar ar an teicneolaíocht inchaite nua seo, a chruinníonn eolas mar gheall ar líon na ngluaiseachtaí a dhéantar le linn gnéis agus líon na gcalraí a dhónn an t-úsáideoir, mar aon le teocht an chraicinn agus fad na suirí.

B’fhiú a thuiscint gur fáinne atá san uirlis seo, in áit coiscín, a chaitear ar bharr gnáthchoiscín ag bun an bhoid.

I dtaobh na ngnéithe glice de, tá nanaishlis agus brathadóirí ar an ghléas chun an t-eolas a bhailiú.

Baintear leas as bluetooth ansin chun na figiúirí uile a sheoladh chuig an aip ‘I.Con’, le go mbeadh fáil agat orthu ar do ghuthán nó eile.

Ag leanúint Map my Run agus a leithéid d’aipeanna aclaíochta eile, tá rogha ansin do thorthaí a scaipeadh ar na meáin shóisialta nó teachtaireacht phríomhaideach a sheoladh ar aghaidh (chuig do chéile, is dócha!?).

Agus tú cláraithe leis an aip, is féidir figiúirí a chur i láthair úsáideoirí eile I.Con freisin.

An comhlacht ‘British Condom’ a chruthaigh an táirge cliste seo, a bheas á sheoladh sna Stáit Aontaithe agus san Astráil sula mbeidh sé ar fáil ar an taobh seo den domhan.

Más dóigh leat gur amaideach, nó iontach, iad na coiscíní cliste (agus boid na cruinne!), beidh sé suimiúil fáil amach cad é mar a éiríonn leo.

SCÉALTA EILE