Dáir ort? Tá róbat ann duit.


Tá go leor cainte ann i láthair na huaire faoi na forbairtí atá ag tarlú i ndomhan na hIntleachta Saorga (IS), nó Artificial Intelligence (AI).

Is é atá i gceist le IS ná an chlisteacht atá ag ríomhairí, an cumas atá acu iompar meabhrach a chleachtadh ar nós an duine dhaonna (nó rud éigin cosúil leis).

Seans gur fada uainn go fóill an lá a mbeidh róbait chliste mar ghnáthchuid dár saol – ag tiomáint busanna nó ag glacadh do chuid fola san otharlann – ach tá réimse amháin ann ina bhfuil dul chun cinn leanúnach a dhéanamh: cúrsaí collaíochta.

Creid é nó ná creid, tá “an chéad róbat gnéis ar domhan” á fhorbairt ag an chomhlacht Meiriceánach True Companion agus dar leo go n-eiseofar é roimh dheireadh na bliana seo.

Is bean í an chéad samhail atá forbartha acu – bhaist siad Roxxxy uirthi – ach tá fear darb ainm Rocky beartaithe acu chomh maith.

Deir Príomhfheidhmeannach an chomhlachta go bhfuil siad dírithe ar dhaoine aonair seachas orthu siúd atá i gcaidreamh cheana.

“Is réiteach í Roxxxy le haghaidh daoine atá idir caidrimh faoi láthair nó a bhfuil a leannán ar shlí na fírinne,” arsa Douglas Hines.

“Is féidir le daoine sonas a aimsiú in áiteanna eile seachas trí theagmháil daonna.

“Ní gá gurb é an babhta leathair an ghné is tábhachtaí de Roxxxy – beidh tú in ann am sóisialta a chaitheamh léi chomh maith, ag déanamh caidrimh léi.”

Tá cuma aisteach go leor ar an fhrása deiridh sin gan amhras – caidreamh a chothú le róbat? – ach creideann roinnt saineolaithe IS go mbeidh na róbait chollaíochta seo le fáil go forleathan sna blianta beaga amach romhainn.

roxxy

Ní collaíocht ná caidreamh ró-shaor é áfach mar go mbeidh $7,000 (€6,200) ar gach Roxxxy (thuas) – is dócha go mbeadh daoine áirithe ag iarraidh beirt acu – ach tá na mílte ordú faighte ag True Companion cheana féin, dar le Hines.

Mar sin féin níl gach duine ró-thógtha leis an choincheap.

Seoladh feachtas an tseachtain seo darb ainm Campaign Against Sex Robots a chuireann go tréan i gcoinne na róbat gnéis.

Maíonn siad go ndéanfadh úsáid na róbat seo oibiachtú ar mhná agus go laghdódh siad an chomhbhá idir daoine.

Chun an dioscúrsa faoi róbait chollaíochta a leathnú amach, ba mhian le lucht an fheachtais tús a chur le plé faoi theicneolaíochtaí eiticiúla a léiríonn dínit, saoirse agus cómhalartacht (mutuality) an chine dhaonna seachas teicneolaíochtaí a chuireann béim ar chollaíocht fhuarchúiseach amháin.

Agus gan fiú na róbait ar an mhargadh fós, is léir go mbeidh díospóireachtaí teasaí ann amach anseo faoin ghné seo den saol nach rabhthas in ann a shamhlú fiú díreach dornán blianta ó shin.

An dtiocfaidh an tuar faoin tairngeacht go mbeidh daoine ag bualadh leathair le neacha neamhdhaonna ar bhonn forleathan roimh i bhfad?

Beidh le feiceáil, ach is cinnte go bhfuil an Intleacht Shaorga chun tionchar suntasach a imirt ar shaol na crúinne seo sa todhchaí.

An mbeidh muid ullamh dó?

SCÉALTA EILE