Tá aip nua Intleachta Saorga (IS) i ndiaidh creathadh mór a bhaint as domhan na teicneolaíochta le roinnt laethanta anuas.
DeepSeek is ainm don chóras, a forbraíodh sa tSín, agus tá sé anois chun tosaigh ar gach iomaitheoir eile, ChatGPT ina measc, ar App Store Apple.
D’fhág an tóir mhór atá ar an aip gur thit luach scaireanna na n-ollchomhlachtaí teicneolaíochta as na Stáit Aontaithe, Nvidia, Microsoft agus Meta cuir i gcás, gur thit siad go suntasach ar oscailt an stocmhargaidh an tseachtain seo.
Dar leis an fhoireann atá taobh thiar de DeepSeek nach raibh ach timpeall €6 mhilliún de dhíth orthu chun a dteicneolaíocht IS a chruthú, méid atá i bhfad Éireann níos lú ná na billiúin dollar a chaitheann gnólachtaí SAM.
Síleadh go dtí seo gur ag SAM a bhí an lámh in uachtar ó thaobh fhorbairt IS de ach tá teacht chun cinn DeepSeek ag caitheamh amhras ar an tuiscint sin anois.
Mar gheall ar fhadhbanna soláthair i réimse na leathsheoltóirí agus sliseanna riachtanacha eile, is cosúil go bhfuil roinnt comhlachtaí sa tSín tar éis dul i gcomhar le chéile agus a gcuid oibre a chomhroinnt, rud atá ag cur ar a gcumas dóibh dul chun cinn gasta a dhéanamh in earnáil na hIntleachta Saorga.
Tá siad in ann samhlacha IS a chruthú a bhfuil i bhfad níos lú cumhacht ríomhaireachta ag teastáil uathu agus atá níos costéifeachtaí dá bharr.
Tá sé ráite ag duine de na fiontraithe agus infheisteoirí is mó in Silicon Valley, Marc Andreessen, gur ‘nóiméad Sputnik na hIntleachta Saorga’ é forbairt DeepSeek, ag tagairt don chéad satailít a seoladh go fithis an Domhain, rud arbh iad na Rúisigh a rinne é in 1957.
Ní fios go díreach fós cén tionchar fadtéarmach a bheidh ag an iomaitheoir nua Shíneach ar thírdhreach IS na cruinne ach is cinnte go bhfuil geit bainte aige as cuid de na himreoirí móra cheana féin.
Tá tuilleadh eolais faoi DeepSeek le fáil ar a suíomh idirlín anseo.