Is fadhb choitianta í scáileán briste ar ghuthán nó ar tháibléad ach seans nach mbeidh ort í a fhulaing arís, a bhuí le haireagán nua ón tSeapáin.
Dar le taighdeoirí ó Ollscoil Thóiceo go bhfuil siad tar éis theacht ar ghloine atá in ann í féin a dheisiú, is é sin le rá go bhfáisceann scoilteanna sa ghloine leo féin ach brú a chur orthu.
Déantar an ghloine seo le polaiméirí ar leith atá indeisithe ag teocht an tseomra, rud neamhghnách mar go hiondúil bíonn teas de dhíth chun ábhar crua den chineál seo a dheisiú.
Tháinig an mac léinn Yu Yanagisawa ar an bpolaiméir trí thimpiste agus é ag réiteach an ábhair le húsáid mar ghlae, go dtí gur thug sé faoi deara gur cheangail na polaiméirí le chéile leo féin tar éis dó iad a ghearradh.
Meastar anois go mbeidh siad in ann na polaiméirí leithleacha seo a úsáid i ngloine le haghaidh scáileán gutháin agus nach mbeidh ar dhaoine ach brú ar feadh tamaill ar aon scoilt sa scáileán chun é a dheisiú.
“Tá súil agam go mbeidh an ghloine fhéindeisitheach in ann gléasanna inbhuanaithe a fhorbairt amach anseo, gléasanna nach mbeidh ort a chaitheamh ar shiúl nuair a bhristear iad,” arsa Yanagisawa.
Anois, nárbh iontach sin?