Trí bliana tar éis do John DeLorean a dhoirse a dhúnadh i mBéal Feirste, seoladh an chéad scannán ón mhórthriológ Back to the Future.
Dúnadh an mhonarcha de dheasca dhrochstaid airgeadais an chomhlachta agus, leis an fhírinne a rá, deirtear nach raibh an carr ró-iontach le tiomáint ach oiread.
Inniu, 33 bliain ina dhiaidh sin, tá sé fógartha go mbeidh tuilleadh carranna DeLorean ann – sa todhchaí (mura miste leat an t-imeartas focal).
Sa bhliain 1981 thosaigh John DeLorean ag táirgeadh na ngluaisteán seo i nDún Muirígh, Béal Feirste.
Idir sin agus 1983 rinneadh suas le 9,000 DeLorean DMC-12.
Ar an drochuair, bhí an tóin ag titim as margadh na ngluaisteán sna Stáit Aontaithe.
Ní hamháin sin, ach ní raibh an DeLorean féin ag fáil léirmheasanna ró-iontacha ó iriseoirí gluaisteáin timpeall na cruinne.
Faoi 1982 bhí fiacha de $175 milliún ag an gcomhlacht agus cuireadh an mhonarcha faoi ghlacadóireacht.
Thart ar an am céanna bhí John DeLorean féin i dtrioblóid nuair a rugadh air ag gáinneáil i ndrugaí.
Faoi 1990 tháinig deireadh le triológ Back to the Future agus d’fhéadfá a rá go ndearnadh ceann de na carranna is cáiliúla ar domhan as an DeLorean dá bharr.
In 1995 bhunaigh fear darb ainm Stephen Wynne comhlacht faoin ainm DeLorean Motor Company agus cheannaigh sé trádmharc ar an lógó DMC.
Chomh maith leis sin, cheannaigh sé na páirteanna ar fad a bhí fágtha ón mbunchomhlacht.
D’oscail Wynne a dhoirse in Texas agus ó shin i leith tá an comhlacht ag déanamh athchóirithe ar an DeLorean.
Le roinnt blianta anuas bhí an comhlacht ag iarraidh leaganacha nua den DMC 12 a chruthú agus a dhíol, ach de bharr rialacha sna Stáit Aontaithe, bhí sé ródhian agus ródheacair dóibh iad a thógáil.
Ag deireadh na bliana seo caite tháinig acht nua ar an bhfód a chiallaíonn gur féidir le comhlachtaí beaga carranna mar seo a thógáil agus a dhíol níos simplí.
Dar ndóigh, beidh orthu cloí le rialacha de chuid an EPA (An Roinn Comhshaoil sna Stáit Aontaithe).
Tá an chuma ar an scéal go mbeidh orthu innill atá níos fearr ó thaobh na timpeallachta de a cheannach isteach ó chomhlachtaí eile ar nós Ford nó General Motors.
Is léir go bhfuil Wynne sásta agus d’fhógair sé an tseachtain seo ar KPRC (stáisiún raidió in Texas) go bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh DeLoreans nua ar díol acu ó 2017 ar aghaidh.
Dúirt Wynne go gcruthaíonn an t-acht i bhfad níos mó féidearthachtaí dóibh.
Lean sé ar aghaidh ag rá go bhfuil an DeLorean Motor Company ar ais ina “chomhlacht ceart”.
Bhí mé ag caint le leas-uachtarán an DeLorean Motor Company, James Epsey, níos luaithe inniu faoin scéal.
Seo a bhí le rá aige.
“We’re overwhelmed and very grateful for all the attention. Had we any idea that it would be this big, we would’ve planned better to handle it. All eyes are now on the National Highway Traffic and Safety Administration (NHTSA) to finalise the regulations regarding this program!”
Is féidir camchuairt a thabhairt ar cheannáras DMC, áit a bhfuil an DeLorean nua a thógáil anseo.