Domhan nua, an cath céanna

An tseachtain seo caite eisíodh an cluiche aicsin Mass Effect: Andromeda mórthimpeall na tíre, an ceathrú cluiche sa tseansraith seo ag teacht ó EA.

Is mór an trua gur eisíodh é ag an am sin mar bhí sé i ngéar-iomaíocht le rud éigin eile.

Ní cluiche eile a bhí ann, ná ócáid spórt ná scéal mór polaitíochta.

Bhí sé in iomaíocht leis an aimsir… fíor-namhaid na gcluichí ríomhaireachta!

Chomh luath is a bhí an cluiche i mo lámh agam bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

Nuair atá cónaí ort i nGaillimh caithfidh tú gach deis a thógaint a bheith amuigh faoin aer mar sin d’fhan mé go raibh an ghrian ina luí arís le tabhairt faoi mar bhraith mé ró-chiontach ag iarraidh é a imirt i rith an lae!

Leis na cuirtíní tarraingte arís d’fhéach mé ar scéal an chluiche ag forbairt ós mo chomhair amach.

Tá Andromeda bunaithe 600 bliain théis eachtraí Mass Effect agus glacann imeoirí ról Sara nó Scott Ryder atá ag iarraidh áirc a threorú go domhan nua i réaltra Andromeda.

Ar ndóigh ní théann aon mhisean mar seo go deas réidh agus buaileann muid leis na heachtráin Kett nach bhfuil ró-shásta leo a bheith ar cuairt.

Scéal simplí ach tarraingteach, caithfidh mé a rá, a fhorbraíonn ag luas maith.

An t-aon rud diúltach anseo ná an script agus an aisteoireacht gutha.

Bhraith sé mí-nádúrtha agus neamh-réalaíoch agus, cé gur rudaí beaga iad seo, tá tionchar acu ar infheistíocht an imreora sa chluiche.

Tá an oiread preab-radharcanna ann a raibh mé ag iarraidh léim tharstu, rud nach féidir a dhéanamh.

Ó thaobh na himeartha de, tá an cluiche seo fós ag fulaingt na ndeacrachtaí céanna a bhí le feiceáil sna cluichí roimhe.

Ceamaraí stadacha, tuislí agus fabhtanna na trí rud is mó ach seans go mbeidh na déantóirí in ann roinnt acu seo a cheartú de réir a chéile trí uasdátú sna míanna amach romhainn.

Fós féin ba cheart go mbeadh Andromeda níos snasta sula ndeachaigh sé ar an margadh.

É sin ar fad ráite, nuair a d’oibrigh gach rud bhí an imirt féin taitneamhach agus dúshlánach.

Ar an iomlán is cluiche measartha maith atá againn anseo agus cé go bhfuil roinnt de na deacrachtaí céanna aige is a bhí tríd an tsraith ar fad, tá neart rudaí dearfacha faoi.

Thaitin an dearadh fuaime go mór liom agus na grafaicí go ginearálta ach an rud is fearr ná an scéal; baile nua, domhan nua, réaltra nua.

Tá deis iontach ag na déantóirí cur leis an bhunchloch láidir seo agus b’fhéidir gur seo tús le sraith fíor-shuimiúil agus mealltach.


Tá Mass Effect: Andromeda ar fáil anois don ríomhaire baile, Xbox One agus Playstation 4. Lean Colmán ar Twitter anseo.

SCÉALTA EILE