Dúil agat i gcluichí retro ríomhaire?

Muna bhfuil cloiste agat fós faoin Chartlann Idirlín, nó an Internet Archive, ba cheart duit cuairt a thabhairt uirthi láithreach.

Is leabharlann neamhbhrabúis í ar a bhfuil na milliúin, sea na milliúin, leabhar, scannán, bogearra, píosa ceoil agus eile le fáil, ar fad saor in aisce.

Is áis an-luachmhar í atá ar an bhfód ó bhí 1996 ann, agus tá sé tar éis éirí níos luachmhaire arís le déanaí, go háirithe d’aficionados na gcluichí ríomhaireachta.

Ní amháin gur chuir siad na céadta sean-chluiche stuara (arcade) ar fáil don phobal anuraidh, tá siad anois i ndiaidh breis agus 2,000 cluiche MS-DOS a sholáthar chomh maith.

Níl le déanamh ach dul anseo, roghnaigh ceann de na cluichí is ansa leat ó na 90í agus imir leat saor in aisce díreach ó do bhrabhsálaí féin.

Tá na sean-chlasaicí uilig ann – ó Prince of Persia agus Street Fighter go Lemmings agus Wasteland – mar aon le cuid nach mbeidh ar eolas agat.

Níl mórán treoracha faoi conas iad a imirt ach nach cuid den tarraingt é sin ar aon nós?

Díreach ná lochtaigh muid as sibh a choinneáil ó do chuid oibre!

SCÉALTA EILE