Bíodh sé ar Snapchat, Instagram nó Whatsapp, tarlaíonn an-chuid deiseanna na laethanta seo taifead a dhéanamh ar do ghlór.
Ach nuair a éisteann tú siar, an dtaitníonn sé leat?
“Múisc! An í sin fuaim mo ghlóir?”
Is gearán coitianta é atá cloiste agus ráite againn uilig am éigin.
Níos measa b’fhéidir ná drochghrianghraf, níl aon éalú ón taifead glóir, agus níl aon scagaire (filter) ann arbh fhéidir leis cabhrú leat.
(Ach sin smaoineamh – scagaire glóir a thabharfadh glór gnéasach Emma Stone duit. Tá airgead le tuilleamh ann, a leaids…!)
Tagann sé aniar aduaidh orainn ár nglór taifeadta a chloisteáil mar, dar linne, ní thagann sé le fíorfhuaim ár nglórtha sa ghnáthshaol.
Cad is cúis leis an míréir seo?
An phríomhfhadhb ná nach ionann an glór a chloistear ar thaifead agus an glór a bhfuil taithí againn ar a chloisteáil ag teacht amach beo as ár mbéal.
Nuair a chloistear glór ó áit éigin taobh amuigh den chorp (glór duine eile nó glór ar thaifead), ní chloistear ach an fhuaim mar a scaipeann sí san aer.
Nuair a chloiseann duine a ghlór féin, cloiseann siad na fuaimeanna sin ón aer, ach chomh maith leis sin, tagann an fhuaim ón gcorp.
Creathann téada an ghutha chun fuaimeanna an ghlóir a dhéanamh agus bogann na creathanna sin tríd an gcorp go dtí na cluasa.
Is fearr an corp i mbun fuaimeanna doimhne a láimhseáil ná an t-aer.
Mar sin, cloisimid uilig leagan níos doimhne agus níos saibhre dár nglór féin sa ghnáthshaol agus bíonn an glór ar thaifead tanaí agus aisteach dúinn.
Más mian leat éisteacht le do ghlór i “bhfíor-am”, seachas ar thaifead, tá cleas ann le déanamh amhlaidh.
Mar a mhínítear san fhíseán seo, ní gá ach dhá fhillteán a fháil (nó leabhar, nó rud éigin mar sin) agus iad a chur ar dhá thaobh do chinn, chun tosaigh ar do chluasa.
Ansin nuair a labhraíonn tú, gheobhaidh tú tuiscint níos fearr ar fhíorfhuaim do ghlóir.
Más mian le duine ar bith dul i dteagmháil le Ciara maidir leis an scagaire glóir a fhorbairt, tá sí ar Twitter ag @miseciara.