Cothrom an lae inné 20 bliain ó shin, tháinig Windows 95 ar an margadh den chéad uair riamh.
Bhí na sluaite ag fanacht taobh amuigh de shiopaí – ní fhéadfá córais oibriúcháin a íoslódáil mar is féidir anois – chun a lámha a fháil ar an bhforbairt is úire ó Microsoft agus bhí amhrán de chuid na Rolling Stones le cloisteáil san fheachtas margaíochta fiú.
Bhí comhlacht Bill Gates i mbarr réime agus chinntigh Windows 95 go mbeadh todhchaí gheal roimh an tsraith – eisíodh Windows 10 an mhí seo caite.
Mar chomóradh ar bhreithlá Windows 95, tá an Sasanach Daniel Jones tar éis fuaimeanna tosathe Windows – ó 95 ar aghaidh go Vista – a chur le chéile agus a mhoilliú… le 4000%!
An toradh?
Fuaimrian aimbiach osréalach atá i bhfad ó na bunfhuaimeanna.
Éist leis seo:
Agus muna féidir leat cuimhniú siar ar fhuaim thosaithe Windows 95, seo é chomh maith: