Tá na milliúin duine ar fud na cruinne tar éis leagan bréige den aip mhóréilimh teachtaireachtaí WhatsApp a íoslódáil ar a ngutháin.
Le cúpla lá anuas bhí aip dar teideal ‘Update WhatsApp Messenger’ le fáil ar Google Play agus an chuma air gur nuashonrú dlisteanach de chuid Whatsapp a bhí ann.
Bréag-aip a bhí i gceist áfach nach gcuireann ach an iliomad fógraí, nach bhfuil ag teastáil uait, ar d’fhón.
D’úsáid an leagan bréagach lógó oifigiúil WhatsApp agus bhí grádú 4.2 réalta aige ar Google Play, nach a chuir dallamullóg ar go leor úsáideoirí.
Tá an aip anois bainte aníos dá siopa ag Google ach léiríonn sé an dúshlán atá roimh sheirbhísí cumarsáide fanacht chun tosaigh ar haiceálaithe agus ar bhogearraí mailíseacha.
Tá Google in ainm is bheith in ann aipeanna bréagacha a chosc go huathoibríoch ach is cinnte go bhfuil bealaí thart ar an chosaint aimsithe ag roinnt forbróirí teic.
Múineadh an scéil seo ná bígí faichilleach agus sibh ag íoslódáil cláracha ar bhur ngutháin nó ríomhairí!