Fill ar d’óige – Déan Game Boy de d’iPhone!

Ar chuala tú an ceann faoin bhob Aibreáin a thiontaigh ina tháirge ceart?

D’fhógair an comhlacht ríomhaireachta Hyperkin ar Lá na nAmadán go raibh siad chun gléas a eisiúint a ligfeadh duit cuma Game Boy a chur ar d’iPhone agus fiú cluichí a imirt ar an ghuthán.

Magadh a bhí ar intinn acu ar dtús ach nuair a thosaigh moltaí ag teacht isteach don choincheap chinn siad ar fhíorghléas a fhorbairt.

Cuirfidh an Smart Boy cumas ar úsáideoirí iPhone a nguthán a chur isteach sa ghléas agus rialtáin an seanGame Boy a úsáid, mar an ceap treoracha agus na cnaipí A agus B.

smart-boy

An rud is tábhachtaí áfach ná go mbeifear in ann cartúis bhunaidh an Game Boy a chur isteach ann agus go mbeifear in ann iad a imirt díreach ar d’iPhone… cúláilte, nach é?

Ar a bharr sin beidh aip ann chun ceangal a dhéanamh idir an Smart Boy agus do ghuthán, áit a mbeidh tú in ann cluichí a shábháil agus nodanna a aimsiú.

Níl aon amhras ann go mbeidh éileamh ar an Smart Boy, go háirithe i measc pháistí na 90í, agus tá neart suime léirithe ag daoine sa ghléas ar líne.

Is don iPhone a dhearfar an chéad leagan de ach tá sé ráite ag Hyperkin go bhforbrófar leaganacha do ghlicghutháin eile amach anseo.

Ní fios fós cá huair go díreach a eiseofar an Smart Boy ach is féidir fógraí an chomhlachta a leanúint ar Twitter.

SCÉALTA EILE