Tá 10 mbliana imithe ó tháinig an iPhone ar an mhargadh den chéad uair agus aréir sheol Apple an leagan is forbartha den ghuthán glic íocónach go dtí seo.
An iPhone X is teideal dó – a bheas ar fáil i siopaí ó 3 Samhain – agus seo thíos spléachadh ar a chuid mionsonraí.
Dearadh
Tá difear suntasach go leor sa ghné seo idir an X agus na leaganacha a chuaigh roimhe.
Tá an cnaipe ‘baile’ imithe agus ina ionad sin úsáidfear teicneolaíocht aitheanta aghaidhe (FaceID) chun an fón a oscailt.
Dar le Apple go bhfuil sé níos sábháilte ná an córas méarloirg a bhí in úsáid ar an iPhone 7 – níl ach seans amháin as milliún go mbeidh duine éigin eile ábalta do ghuthán a dhíghlasáil lena aghaidh.
Beidh tú freisin in ann feidhm a bhaint as FaceID chun íoc as táirgí trí Apple Pay.
Agus cosúil le brandaí eile, teann an scáileán (2.7 milliún picteilín) anois go himeall an ghutháin féin (5.8 orlach), atá clúdaithe le gloine anois seachas miotal.
Crua-earraí
Tá 3GB RAM ag an X, an tslis is gasta dá bhfuil an Apple (an A11 Bionic) agus beidh stóras de 64GB nó 256GB ar fáil air.
Tá an cadhnra níos cumhachtaí chomh maith agus tabharfaidh sé dhá uair an chloig níos mó duit ná an iPhone 7.
Agus, ionas go n-oibríonn FaceID go héifeachtach, tá an dhá cheamara níos mó: 7MP chun tosaigh agus 12MP ar chúl.
Gan sreang
Sea, beidh tú in ann an iPhone nua a luchtú gan aon cháblaí, ar cheapa luchtaithe ar nós an AirPower nua de chuid Apple.
Réaltacht bhreisithe
Oibreoidh an iPhone X ar an chóras oibriúcháin nua iOS 11 a ligfidh duit gnéithe den réaltacht bhreisithe a thriail ar d’fhón.
Cad é a chiallaíonn sin go díreach?
Beidh an X in ann ceangal le rudaí sa bhfíorshaol ar nós emoji a chruthú bunaithe ar d’aghaidh a bhogfaidh ar an scáileán nuair a athraíonn do ghotha gnúise.
Neamart amháin…
Níl aon seac ann do do chluasáin – beidh ort cuibheoirí a úsáid!
Constaic eile – an praghas
Tosóidh na costais don iPhone X ag €1,179, atá craiceáilte nuair a smaoiníonn tú faoi.
Roghanna eile
Seoladh dhá ghuthán eile inné chomh maith, an iPhone 8 agus an iPhone 8 Plus.
Tá siad píosa beag níos lú ná an X agus praghas níos lú orthu chomh maith (€584 agus €667 faoi seach), cé go bhfuil formhór na ngnéithe céanna acu.
Seans gur rogha níos fearr iad sin muna bhfuil fonn ort míle euro eile a thabhairt don 9ú comhlacht is mó ar domhan.