Más duine tú a chuireann spéis i gcúrsaí ríomhaireachta, tá gach seans ann go bhfuil tú mar chuid de lucht tacaíochta Firefox.
Murach sin, is dócha go bhfuil tú tinn tuirseach den lucht tacaíochta úd.
Pé slí é, tá cloiste ag cách, faoin am seo, faoi Firefox 3 – an leagan is nua agus is snasta atá eisithe ag Mozilla go fóill.
Ar aon slat tomhais a bhfuil aithne agamsa air, tagann Firefox amach go mór chun tosaigh ar an bpríomh-iomaitheoir atá aige, Internet Explorer (IE).
Ní hamháin go mbíonn gach leagan de ar fáil as Gaeilge ag an am céanna le gach teanga eile, ach tá sé níos sciobtha agus níos so-aistrithe ná IE chomh maith.
Measaim chomh maith go léiríonn sé go bhfuil ciall agus stíl ar leith agat nuair a thuigeann daoine nach mbacann tú le IE – ach ní dóigh liom go mbunaíonn léitheoirí ciallmhara NÓS a gcinntí teicneolaíochta ar fhaisean, an mbunaíonn?
Tá argóintí i gcoinne IE ann, agus argóintí láidre chomh maith – trí neamhaird a dhéanamh de na caighdeáin atá leagtha síos don ghréasán, déanann Microsoft obair éinne a dhearann don idirlíon i bhfad níos deacra ná mar is gá dó bheith.
Deir an saineolaí teicneolaíochta Paul Thurrott – duine a thacaíonn le Microsoft de ghnáth – “My advice is simple: Boycott IE. It’s a cancer on the Web that must be stopped.”
Tá iontas orm uaireanta nuair a fheicim go bhfuil níos mó daoine fós a úsáideann IE ná mar a úsáideann Firefox.
Cé go mb’fhéidir go bhfuil mion-laige nó dhó ag an brabhsálaí seo, tá sé i bhfad amach chun tosaigh ar iarrachtaí Microsoft (más féidir iarracht a ghlaoch ar cad atá á dhéanamh acu le IE).
An t-aon chúis nach bhfuilim amuigh ar an sráideanna, ag lorg geallúintí ó chuile dhuine a fheicim go bhfaighfidh siad ré leis an ailse úd, ná an cartún glic seo.
Mar sin féin, níl aon gheallúint ann go gcoimeádfaidh sé sin siar ar feadh i bhfad mé – ná bí ar an duine atá fós ag úsáid IE nuair a ghéillim don fhonn!