FÍSEÁN: Óró mo thrucailín ó


Níl aon rud níos fearr ná a bheith ag tiomáint trucailín oscailte.

Smaoinigh siar ar Lee Majors sna 60í agus sna 80í. Cad a bhí á thiomáint aige? Damn right! Truiclín a bhí ann.

Le déanaí fuaireas an Navara nua ó Nissan le triail a bhaint aisti ar na bóithre anseo in Éirinn.

Seo chugaibh an Navara NP300!

Níl mórán trucailíní oscailte le feiceáil in Éirinn. Is dócha nach mbíonn an aimsir sách maith le bheith ag tiomáint thart gan díon ar chúl do veain! É sin ráite, tá níos mó acu in Éirinn ná mar a bhí riamh.

Tá an Navara in iomaíocht le leithéidí an Toyota Hilux, an Volkswagen Amarok, an Ford Ranger, an SsangYong Korando Sport agus an Mitsubishi L200.

Tá siad seo ar fad ar fáil le criúchabáin (crew-cab) – sin spás do thriúr paisinéirí ar cúl.

Cé go bhfuil na suíocháin seo thar a bheith tábhachtach – agus áisiúil, i ndáiríre – ní dóigh liom gur thiomáin mé truiclín riamh a raibh dóthain spáis ann do mo chosa.

Ní hé nach féidir le daoine fásta suí ar cúl sa Navara. Is féidir; ach ní bheinn ag súil le spás faoi mar atá sa BMW 7 Series agus sa Skoda Superb!

Chun tosaigh, tá deais an Navara déanta as plaisteach agus is léir go bhfuil an stuif seo crua agus go bhfuil sé buanfasach (hard-wearing).

Tá an deais leagtha amach go simplí agus tá na suíocháin tosaigh an-chompordach.

Tá scáileán tadhaill i lár na deaise atá éasca le húsáid. Chomh maith leis sin, tá neart pócaí thart ar an tiománaí a bheadh feiliúnach do pháipéarachas agus araile.

An rud is tábhachtaí do dhaoine ar leo feithiclí mar seo ná an spás atá ar cúl. Tá an leaba 1,578mm ar fad agus 1,560mm ar leithead.

Tá an leaba de réir caighdeán pailléad Eorpach agus is féidir suas le tonna amháin a chur inti. Chomh maith leis sin, is féidir léi suas le 3.5 tonna a tharraingt.

Mar sin, tá an Navara áisiúil ar go leor bealaí, ach… cé go bhfuil na truiclíní seo thar a bheith tarraingteach le féachaint orthu, an fiú ceann acu a cheannach sa tír seo leis an méid báistí a bhíonn againn?

Chun an fhírinne a rá, muna mbíonn tú ag obair ar fheirm nó in ionad tógála, ní dóigh liom gur fiú an Navara a cheannach.

Ag an am céanna, más rud é go bhfuil tú ag obair in áiteanna mar sin, déarfainn gur fiú go mór í.

I ndáiríre, ba bhreá liomsa feithicil mar seo a bheith agam mar ‘gnáthcharr’.

Nach mbeadh sé sin cúláilte?

Ar an drochuair, ní bheadh an Navara – ná na truiclíní eile atá san iomaíocht léi – feiliúnach do theaghlach.

Mar sin, gabh le rud éigin níos áisiúla, má tá aon chiall agat!

SCÉALTA EILE