Foghlaim Rúisis le pinsinéirí!

Is féidir le daoine as gach cearn den domhan atá ag foghlaim Rúisise a gcuid scileanna teanga a fheabhsú anois trí chomhrá ar líne a dhéanamh le pinsinéirí i Mocsó.

Tá sé de sprioc ag an scéim nua, Язык поколений (Lingualink na nGlún), an tseirbhís chomhrá Skype a úsáid chun dul i ngleic le huaigneas i measc seandaoine i bpríomhchathair na Rúise.

“Tá saol fada suimiúil caite ag ár bpinsinéirí agus is féidir leo labhairt faoi sin agus a gcríonnacht a roinnt le daltaí ar fud na cruinne,” arsa Svetlana Pavshintseva, comhbhunaitheoir Lingualink.

“A bhuíochas leo, beidh daoine ó thíortha eile in ann smacht a fháil ar a scileanna teanga agus fosta fáil amach faoinár gcultúr, stair agus meon.”

Spreagadh Lingualink ag tionscnamh den chineál céanna sa Bhrasaíl agus táthar ag súil go mbeidh níos mó ná 30 dalta idirnáisiúnta ag ceangal le pinsinéirí ar líne roimh dheireadh na bliana.

Agus ní hamháin go gcuifidh an scéim comhluadar ar fáil do phinsinéirí ach gach seans chomh maith go mbeidh cuid acu ag iarraidh cur lena scileanna teanga féin… réiteach breá sásúil do chách!


Tuilleadh eolais ar lingualink-g.com

SCÉALTA EILE