Tá na pláinéid, na gealacha, na réaltaí agus ár ndomhan féin i mbun ceoil!
Nuair a bhíonn muid ag breathnú in airde ar an bhrat iontach réaltaí sin os ár gcionn i gciúnas na hoíche, chuirfeadh sé mearbhall ort a bheith ag smaoineamh faoin cheol réaltach atá ag réabadh ar fud na cruinne.
Seans gur bhraith tú gur folús de chineál é an spás, gan aon fhuaim ann ar chor ar bith, ach tá sé cruthaithe ag NASA gur a mhalairt ar fad atá fíor.
Le cuidiú ó uirlisí nua-fhorbartha, thángthas ar fhuaimrian de cheol mistéireach na spéartha, a cuireadh in oiriúint do chluas an duine.
Piocann na huirlisí seo suas ar cheol a mhaireann i bhfoirm chreathaí leictreamaighnéadacha (electromagnetic) sa chruinne.
Go bunúsach, braitheann an fhuaim a thagann ó na pláinéid, na gealacha agus na réaltaí ar a bhfuil thart orthu.
Preabann creathaí luchtaithe anonn is anall agus imíonn gach a bhfuil eatarthu tionchar ar an tuin (tone) a chothaítear.
Tagann siad le céile mar a bheadh ceolfhoireann réaltrach ann i mbun armóine agus is éisteacht dochreidte é.
Caith cluas le fuaimrian na cruinne!